Irish Independent - Seachtain

Cinedhíoth­ú na Rohingya i mBurma

-

Tá na mílte imirceach de chuid na Rohingya Moslamacha ag teitheadh chuig an mBanglaidé­is faoi láthair. Is mionlach sa tír iad, atá ag teitheadh ó Mhaenmar (nó Burma, mar a glaodh ar an tír cheana). Maraíodh naonúr póilíní ag teorainn na tíre i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus cuireadh an locht ar mhuintir Rohingya. Tá géarleanúi­nt agus cinedhíoth­ú ar siúl ag údaráis mhíleata Maenmar orthu. Tá dídean shealadach curtha ar fáil ag tíortha éagsúla dóibh. Aithníodh na Rohingya i Maenmar sa bhliain 1948, ach nuair a cuireadh bunreacht nua i bhfeidhm sa bhliain 1974, baineadh stádas pobal dúchais díobh. Ní saoránaigh iad sa tír go hoifigiúil, agus mar sin, is muintir gan stát iad. Is teifigh anois iad. Cáintear Aung San Suu Kyi, ceannaire na tíre, as ligean don arm casadh ar na Rohingya sa bhealach seo. Bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi sa bhliain 1991, ach anois táthar ag iarraidh go mbainfí di an duais. 1. Céard atá de cheart ag tír neodrach? 2. Ainmnigh cúpla tír neodrach san Eoraip. 3. Cén sprioc atá ag na Náisiúin Aontaithe? 4. Cén chaoi a gcuirtear dlí idirnáisiú­nta i bhfeidhm? 5. Cén chaoi a bhfuair an dúnmharfói­r Stephen Paddock bás? 6. Cén chaoi ar thosaigh an teannas i Maenmar? 7. Céard ba cheart do SAM a dhéanamh chun dul i ngleic le fadhb na ngunnaí, dar leat? 8. Céard í an fhadhb is mó ar domhan faoi láthair, dar leat? 9. Conas is féidir le tíortha an domhain dul i ngleic le fadhbanna an fhoréigin, dar leat? 10. Mínigh na focail ar fad a bhfuil líne fúthu.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland