Wrestlemania
Is maith le Conor McGregor aird na ndaoine a tharraingt air féin agus tá sé réidh anois arís chun tabhairt faoi chomhrac eile a thabharfaidh aird an domhain air. De réir dealraimh, tá Conor i mbun cainte le WWE chun a bheith i láthair ag Wrestlemania i Mí Aibreáin na bliana seo chugainn. Beidh Wrestlemania ar siúl in Orlando. Beidh a lán airgid le tuilleamh ag McGregor má dhéanann sé é. Go n-éirí leis!