Ceist na Gramadaí - An Séimhiú
Úsáidtear an séimhiú go han-mhinic sa Ghaeilge. Ciallaíonn ‘séimh’, ‘bog’ nó ‘soft’ sa Bhéarla. Bíonn fuaim níos séimhe ag consan nuair a bhíonn séimhiú ina dhiaidh. Is féidir leis na litreacha seo a leanas séimhiú a thógáil - B C D F G M P S T. Ní leanann séimhiú litir ar bith eile.
1. Seo hiad na réamhfhocail agus eile a chuireann séimhiú foghlaim an rím! Ar*, de, do ... faoi, mar, ó ... roimh, trí, thar ... gan*, um, sa ... (agus) idir*! + séimhiú. Tá rialacha faoi leith ag baint leis na focail ar, gan, idir agus um. Tá eisceachtaí i gceist: - AR - Cuireann ‘ar’ séimhiú nuair a chiallaíonn sé go bhfuil rud ar rud éicint go fisiciúil - ‘on’ rud éicint. - Ní chuireann ‘ar’ séimhiú nuair a bhíonn staid / am i gceist.
m.sh. Bhí sé ar meisce - ar buile - ar tí rud a dhéanamh- ar mire - ar iarraidh - ar strae – ar bord loinge/eitleáin.
m.sh. Feicfidh mé ar maidin - ar ball tú. - IDIR - Tá dhá bhrí ag an bhfocal ‘idir’. Ciallaíonn ‘idir’ ‘both’ agus ‘between’. Cuireann ‘idir’ séimhiú nuair a bhíonn sé ag déanamh tagairt don dá rud. m.sh. Bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag an dioscó. m.sh. Bhí idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí ag an gcruinniú. *Áit / Am Ní chuireann ‘idir’ séimhiú nuair a bhíonn sé ag déanamh tagairt do ‘áit’ nó ‘am’.
m.sh. Bhí mé leath bealaigh idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath.
m.sh. Beidh mé ann idir a cúig agus a sé a chlog. - GAN - Ní chuireann ‘gan’ séimhiú roimh S, D, F, agus T. - Ní chuireann ‘gan’ séimhiú roimh ainm dílis.
m.sh. Chuaigh mé amach gan Máire. Níl aon chraic ann gan Seán. Cuireann ‘gan’ séimhiú nuair nach bhfuil aidiacht / fochlásal tar éis an fhocail. Bhí mé gan phingin. ✔ Bhí mé gan pingin rua. ✔ Fan ansin, gan corraí as an áit! ✔ Chuaigh mé gan chara. ✔ Chuaigh mé gan cara ar bith! ✔ UM - ní shéimhítear B, M nó P tar éis ‘Um’
m.sh. um thráthnóna, um Cháisc, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, An Coiste um Pleanáil Teanga 3. Nuair a + ‘h’ 4. Ní / Níor / Nár + ‘h’ 5. An + focal baininscneach + ‘h’ 6. Aidiacht tar éis ainmfhocail bhaininscnigh 7. Uimhreacha 1 - 6 + ‘h’ 8. An- / Ró + ‘h’ 9. Má + ‘h’ 10. Nuair a thagann dhá fhocal le chéile chun focal nua a dhéanamh, (comhfhocal nó ‘compound word’) tógann an dara focal séimhiú, más féidir.
m. sh. carrchlós, ceardchumann, ríomhphost.