Irish Independent - Seachtain

Aistear ceoil ag an bhfánaí

- Le Concubhar Ó Liatháin

Nuair a d’fhreastail an déagóir John Spillane ar an gColáiste Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaid­h, ní raibh aon chuimhne aige go bhfoghlaim­eodh sé scil agus é ann a thabharfad­h slí bheatha dó ar feadh a shaoil. Anois agus é ar tí trí albam úra acústaice a sheoladh, albaim nach mbeidh ann ach é féin ag canadh agus ag seinnt an ghiotáir, tugann sé an casadh cinniúnach sin ina shaol chun cuimhne. “Chaitheas mí i gColáiste na Mumhan nuair a bhíos cúig bliana déag d’aois agus bhí buachaill darbh ainm Sponger ó Bhaile Átha Cliath sa suanlios céanna liom,” arsa John liom. “Bhí giotár aige sin agus mhúin sé an chéad chúpla corda dhom; ‘The Lunatics are on the Grass’ le Pink Floyd an chéad amhrán a d’fhoghlaimí­os ó Sponger.”

Taisteal

Pé rud mar gheall ar an leaid úd Sponger ónar fhoghlaim sé na cordaí úd, is cinnte nár chaith John aon am ag ‘spoingeáil’ agus luigh sé isteach ar an gceol. Cé gur chaith sé roinnt mhaith blianta ag taisteal an domhain le grúpa darbh ainm Nomos, sár-ghrúpa a tháinig le chéile ag deireadh na 80idí, níorbh é sin an chéad ghrúpa lena raibh John ag seinnt. “Thosaigh mé féin agus cúpla cara liom racghrúpa nuair a bhíomar sa chúigiú bliain ar scoil. Coláiste an Spioraid Naoimh i mBaile an Easpaig i gCorcaigh; scoil a bhí lán de cheol de bharr múinteoir amháin a bhí ann darbh ainm The Doc, fear mór amharclain­ne a chuir ana-chuid leaids óga ar an stáitse. “Tháinig a lán ceoltóirí agus aisteoirí agus lucht amharclain­ne ón scoil sin toisc an Doc a bheith ann.”

Ina dhiaidh sin bhí sé ina bhall de ghrúpa darbh ainm The Stargazers, grúpa a thuill cáil mar gheall ar na leaganacha neamhghnác­ha a bhíodh acu de seanchlasa­icí agus a gcuid amhráin nua-chumtha féin.

Tá go leor buaicphoin­tí ina shaol mar cheoltóir go dtí seo — ceann acu ná gur roghnaíodh é le seinnt os comhair 80,000 i bPáirc an Chrócaigh le linn an leath-ama sa Chluiche Ceannais Iomána idir Port Láirge agus Gaillimh. Ba é an Corcaíoch ab fhearr a thug taispeánta­s ar an lá!

“Ceann des na honóracha is mó a fuaireas riamh ná mo chlár féin a bheith agam ar Raidió na Gaeltachta ó 2002 go dtí 2009.

“Rogha John Spillane ba theideal dó agus chuireas clár ceoil i láthair go raibh réimse ana-leathan de stíleanna ceoil ann. Gach aon saghas ceoil, ón gcéad taifeadadh a deineadh riamh: ‘Mary had a Little Lamb’ á rá ag Thomas Edison ar aghaidh.”

As sin fuair sé blaiseadh den chraoladh agus tá roinnt sraitheann­a teilifíse déanta aige le TG4.

“Tá trí cinn de shraithean­na teilifíse déanta agam ar TG4, Spillane an Fánaí faoi dhó agus Bailéid. Obair fíor-thaitneamh­ach ab ea sin.”

Dúshlánach

In Spillane an Fánaí bhí ar John dul timpeall na tíre go bailte éagsúla agus amhrán a chumadh faoi gach baile inar chaith sé seal. Obair dhúshlánac­h gan amhras ach is beag baile atá fágtha sa tír nach bhfuil á cheiliúrad­h ar shlí éigin ag an gcumadóir sár-mhaith seo.

Ar cheann de na hamhráin is mó a mheall caint agus é luath go maith ina shaol tá ‘Johnny Don’t Go To Ballincoll­ig’ — rud a d’fhág ná raibh muintir an bhaile sin ar imeall chathair Chorcaí ró-shásta leis go dtí gur chum sé amhrán eile ag ceiliúradh an bhruachbha­ile!

Beidh Johnny Don’t Go To Balllincol­lig ar an gcéad albam de thrí cinn acústaice atá le heisiúint mar aon le hamhráin ar nós ‘I Will Set You Free’, ‘Princes Street’ agus ‘All the Ways You Wander’.

“Leaganacha lom simplí de mo chuid amhrán iad seo,” arsa John. “Is freagra iad na halbaim seo ar éileamh ó mo chuid cairde is lucht tacaíochta.”

Thuill John go leor cáile nuair a bhí sé féin agus Louis de Paor ag obair ar amhráin a chumadh as Gaeilge don togra ar ar thug siad ‘The Gaelic Hit Factory’ agus cé gur tháinig deireadh leis an dtogra sin tá a dhílseacht d’amhráin Ghaeilge beo go fóill.

Bhain dhá albam leis ‘Irish Songs We Learned At School’ agus ‘More Irish Songs We Learned At School’ barr na gcairteach­a albam amach sa tír seo, rud a léiríonn go mbaineann daoine taitneamh as na seanchlasa­icí ceoil go maith go fóill, leithéidí Poc ar Buile, Báidín Fheilimí is An Maidrín Rua. Tá sé ar an mbóthar ag ceol go gairmiúil ó 1982 agus tá sé go fóill ag scríobh is ag pleanáil. An chéad togra eile uaidh, is dócha gurb é an ceann is uaillmhian­aí go fóill é. Ba mhaith leis ceoldráma nó opera i nGaeilge a chumadh agus a chur ar ardán i gCorcaigh, a chathair dhúchais.

Ath-Ghaelú

“Táim ag gabháil anois le trí bliana anuas do Opera as Gaoluinn; Fíoruisce — The Legend of the Lough.

“Táim ag déanamh ath-Ghaelú ar shíscéal Victeoiria­ch a bhaineann leis an Loch i gCorcaigh. Foilsíodh an scéal sa bhliain 1820, Fairy Legends of the South of Ireland le T Crofton Croker. Is féidir linn an seanscéal Gaelach a fheiscint taobh thiar de leagan Croker.”

Anuraidh a d’fhoilsigh sé a chéad leabhar, le teideal a léiríonn a dhearcadh gealgháire­ach, ‘Will We Be Brilliant Or What’. Bí cinnte go mbeidh cúpla leabhar eile uaidh amach anseo nó is cinnte nach bhfuil deireadh a scéil i ndán dúinn go fóill!

}Thosaigh mé féin agus cúpla cara liom racgrúpa nuair a bhíomar ar scoil~

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland