‘Cuirimis an milliún duine ag labhairt na Gaeilge’
McHugh: Dúshlán an daonáirimh
D’fhéadfadh an bhreis agus milliún duine a deir go bhfuil Gaeilge acu ach nach labhraíonn siad í cabhrú le hathbheochan na teanga a stiúradh in 2018, a dúirt an tAire Gaeltachta Joe McHugh.
Bhí an tAire McHugh ag labhairt le Seachtain i ndiaidh don Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí a eisiúint ó Dhaonáireamh 2016.
Labhraíonn
As an 1,761,420 duine a dúirt go bhfuil Gaeilge acu, dúirt beagnach duine as gach ceathrar (418,420 nó 23.8%) nach labhraíonn siad riamh í.
Léirigh 558,608 (31.7%) eile nach labhraíonn siad í ach sa chóras oideachais.
As an méid a bhí fanta, labhraíonn 586,535 duine (33.3%) Gaeilge níos lú ná uair sa tseachtain, agus labhraíonn 111,473 (6.3%) í go seachtainiúil.
Bhí an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ag 73,803, nó 1.7% den daonra. B’in laghdú 3,382 (4.4%) ar 2011.
Rinne an tAire McHugh cur síos ar an teanga mar “fhathach ollmhór atá ina chodladh taobh istigh dínn uilig a d’fhéadfaí a mhúscailt i rith Bhliain na Gaeilge 2018.”
Dúirt McHugh (ar dheis): “Tá an Rialtas, gníomhaireachtaí stáit agus grúpaí deonacha ag tacú leis an cheiliúradh bliana seo ar an Ghaeilge.
“Feicim son- raí thar a bheith dearfach ón daonáireamh seo. Go bunúsach, tá leathmhilliún duine a labhraíonn agus a úsáideann an Ghaeilge sa chóras oideachais agus tá sé riachtanach go mbeadh an úsáid sin ina gnáthchuid den saol laethúil.
Dearfach
“Ach feicim freisin go bhfuil sé thar a bheith dearfach go bhfuil leathmhilliún duine ann a bhfuil Gaeilge acu ach nach labhraíonn í agus leathmhilliún eile a bhfuil Gaeilge acu ach nach labhraíonn í go seachtainiúil. “Samhlaigh dá bhféadfaimis na daoine sin ar fad a chur ag labhairt Gaeilge níos minice; ag tosú le beannachtaí simplí atá ar eolas againn ar fad agus iarracht a dhéanamh í a labhairt le daoine eile.”