AN FÁTH A BHFUIL SÉ INA ÁBHAR DÓCHAIS DON TEANGA: FÉACH LEATHANAIGH
In ainneoin na gceannlínte, tá de a-nuacht le sonrú sna torthaí is déanaí
Cé go bhfuil na ceannlínte ó Dhaonáireamh 2016 duairc go maith ó thaobh na Gaeilge, tá go leor fíricí fiúntacha faoi cheilt agus torthaí an tsuirbhé a rinneadh ar fud na Poblachta i mí Aibreáin anuraidh á bhfoilsiú le seachtain anuas.
Is údar dóchais ar bhealach amháin nó eile cuid mhór acu seo.
Ba iad an laghdú beag — ach suntasach — ar líon na ndaoine a mhaíonn cumas sa Ghaeilge a bheith acu agus an laghdú tromchúiseach ar uimhir na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mheall an aird ba mhó nuair a foilsíodh an chéad ghála de thorthaí le linn an tsamhraidh ach anois tá léargas níos doimhne le fáil ós na staitisticí is déanaí.
Léiríodh imní freisin faoin laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a léirigh torthaí 2016 i gcodarsnacht leis an daonáireamh deireanach.
Daoine le Gaeilge:
I nDaonáireamh 2016 1,761,420 a deir go bhfuil cumas éigin Gaeilge acu. Is ionann sin agus 39.8% den daonra. Sa daonáireamh in 2011 bhí 1,774,437 a mhaígh go raibh Gaeilge acu. B’in 40.6% den daonra in 2011.
ÚDAR DÓCHAIS: Is fiú a lua, áfach, go raibh ardú níos mó ná 100,000 ar líon na ndaoine a mhaígh go raibh Gaeilge acu in 2011 seachas mar a léirigh an daonáireamh in 2006 nuair a dúirt 1,656,790 go raibh cumas acu sa teanga.
Minicíocht a labhraítear Gaeilge:
As an 1.7 milliún a deir go bhfuil Gaeilge acu, tá 418,420 a mhaíonn nach labhraíonn siad í riamh. Tá 558,608 a labhraíonn Gaeilge agus iad páirteach sa chóras oideachais.
Ansin tá 586,535 nach labhraíonn í chomh minic le gach seachtain. Tá 111,473 a deir go labhraíonn siad í gach seachtain agus 73,803 a labhraíonn í go laethúil.
TITIM AGUS ARDÚ:
Cé gur titim é líon na gcainteoirí laethúla ón méid a bhí á labhairt in 2011, tá sé fós níos airde ná an 72,148 a labhair í gach lá in 2006. Ní mór a chur san áireamh go raibh ardú suntasach ar dhaonra iomlán na hÉireann (na 26 chontae) ó 2011 go 2016. D’ardaigh sé 173,613 sa tréimhse sin.
Minicíocht a labhraítear Gaeilge sa Ghaeltacht:
De réir Dhaonáireamh 2016 tá 96,090 duine (os cionn trí bliana d’aois) ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá 63,664 a deir go bhfuil Gaeilge acu. As sin tá 21.4% nó 20,856 a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Labhraíonn 6,284 dhuine sa bhreis Gaeilge go seachtainiúil. Tá 36,794 a deir nach labhraíonn siad an Ghaeilge chomh minic sin nó riamh nó riamh lasmuigh den chóras oideachais.
PRÁINN PLEANÁLA: Cé gur údar imní an titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, is fiú a lua go bhfuil tús á chur le feidhmiú pleananna teanga sna limistéir éagsúla ar fud na nGaeltachtaí sna míonna atá romhainn.
Beidh tacaíocht dírithe ar fáil in 26 cheantar pleanála teanga. Beidh tacaíocht €100,000 in aghaidh na bliana ar feadh seacht mbliana ar fáil do gach ceantar pleanála teanga.
Leis an airgead seo agus tacaíocht bhreise, beidh na húdaráis is pobail Ghaeltachta ag súil go mbeidh athrú suntasach chun feabhais ar an scéal agus go mbeidh borradh in áit an mheatha.
CAINTEOIRÍ CÉIM CHUN TOSAIGH
Rud amháin a bheidh ina spreagadh, b’fhéidir, go bhfuil leibhéal níos airde oideachais bainte amach ag cainteoirí laethúla Gaeilge ná an chuid eile den daonra. Bhí céim triú leibhéal ag 49% i gcomparáid le 28.5% den phobal mór.
AN COMHTHÉACS STAIRIÚIL
Má dhéantar staidéar ar an nDaonáireamh siar go dtí 1861, tráth go raibh Éire ar fad faoi riail na Breataine, bhí idir an ceathrú cuid is an cúigiú cuid den daonra a dúirt gur chainteoirí Ghaeilge iad. Sa chéad suirbhé a rinneadh tar éis bhunú an stáit tugadh le fios go raibh 19% den daonra os cionn trí bliana d’aois a thug le fios gur ‘chainteoirí Gaeilge’ ab ea iad. Ar léamh amháin, mar sin, d’fhéadfá a rá go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí ó shin fiú más feabhas beag féin é.
“Leis an airgead agus tacaíocht seo, beidh na húdaráis is pobail Ghaeltachta ag súil le hathrú suntasach” } “Bhí mise ar dhuine díobh siúd a chuaigh fríd an chóras oideachais agus a raibh deacrachtaí agam ann” }
DÚ ÚSHLÁN: A Thad is go bhfuil lion na ndaoine ata ag freastal ar ranganna Gaeilge ne foghlaim ar bealai eile (tri Duolingo is gleasanna ar line eile) fud fad an oile&in is timpeall na cruinne ag dul i meld, is e an dilshlan ata roimh gach einne, idir an stat agus an pobal, na deiseanna an teanga a mheadd agus nach labhraionn i riamh labhairt de reir a cheile idir seo agus 2025, 2% breise in aghaidh na bliana, bheadh dAbailt ar lion na gcainteoiri rialta Gaeilge faoin mbliain sin! Mar a dilirt an taire Gaeltachta Joe McHugh: "Bhi mise ar dhuine diobh skid a chuaigh Aid an choras oideachais agus a raibh deacrachtai agam ann. Ba dThIshlan mo cheapachan sa Roinn den chead uair in 2014 ach bhl orm an ceann is fearr a fhail ar aon eagla a bill orm faoin Ghaeilge a labhairt go tapa."