Ambasadóir na Beilge le scéal Tintin a sheoladh
Seolfar dhá eachtra úra de chuid Tintin as Gaeilge — An tOileán Dubh agus Tintin sa Tibéid — sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath Dé hAoine.
Tá an-tóir ar Tintin as Gaeilge, arna chur in oiriúint ag an údar agus file iomráiteach Gabriel Rosenstock.
Ar seisean: “Ar ndóigh is díol áthais é Tintin a aistriú, ach an ghné is fiúntaí den obair dom féin ná go ndéantar Gaeilgeoir cruthanta de charachtar a bhfuil cáil air ar fud an domhain.
“Níl amhras ar bith ach gur Gael ceart é Tintin s’againne!”
D’fhéadfaí a mhaíomh gurb iad na leabhair úra seo na heachtraí is íocónaí de chuid Tintin.
In An tOileán Dubh, téann Tintin agus a mhadadh dílis Báinín go hoileán cianda Albanach le haghaidh a thabhairt ar bhithiúnach scáfar, an Bhrúid.
Spórt
In Tintin sa Tibéid téann Tintin agus an Captaein Haileabó sa tóir ar mharthanóir a thagann slán ó thimpiste mharfach eitleáin sna Himiléithe.
“Ba mhór an spórt é Tintin sa Tibéid a aistriú,” arsa Gabriel. “D’éirigh linn tagairt indíreach don Taoiseach a fhí isteach ann fiú!”
Chum Georges Remi as an Bheilg — a scríobh faoin ainm Hergé — an tsraith Tintin i rith an chéid seo caite — agus tá Ambasáid na Beilge in Éirinn ag tacú leis an seoladh Dé hAoine.
Agus dúirt Ambasadóir na Beilge Pierre-Emmanuel De Bauw go raibh sé ar bís faoi na haistriúcháin Ghaeilge seo ar Tintin: “D’fhéadfá a rá gurb é Tintin an Beilgeach is clúití dá bhfuil ann – is cinnte gur mór an chúis bhróid don tír é!”
Tabharfaidh Michael Farr, saineolaí ar Tintin, aoichaint le linn an tseolta. Bhí aithne ag Farr ar Hergé roimh a bhás in 1983, agus ba é a scríobh beathaisnéisí Hergé agus Tintin.
Is í an chaint seo i mBaile Átha Cliath an chéad chur i láthair ó Farr ó d’fhill sé ó Hong Cong, áit ar osclaíodh an taispeántas World of Tintin níos luaithe sa mhí. Díoladh os cionn 200 milliún cóip de Tintin in os cionn 50 teanga ar fud an domhain go dtí seo.
Feiniméan
“Is feiniméan domhanda é Tintin,” arsa Michael Farr, “agus is iontach an rud é go bhfuil na leabhair seo á bhfoilsiú i nGaeilge. “Tá a fhios agam go gcaitheann na foilsitheoirí Dalen an-dua leis na haistriúcháin seo, agus trí ghuth Gaeilge a thabhairt do Tintin, tá an t-aistritheoir Gabriel Rosenstock ag cuidiú linn an lucht léitheoireachta a leathnú arís eile.” Dúirt Caitlín Nic Íomhair, bainisteoir ar an Siopa Leabhar: “Beidh ceardlanna scríbhneoireachta agus ealaíne againn do pháistí ar an Satharn, an naoú lá den mhí. Beidh deis ag na páistí stíl Hergé a chleachtadh agus a bhfocail féin a chur i mbéal Tintin.”