Irish Independent - Seachtain

Cos san uaigh ag cluichí Cúige

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

‘Cos san uaigh agus cos ar a bruach’ ag Comórtaisí Idir-Chúigeacha. Nárbh í Peig Sayers a dúirt an giota i leith na gcos thuas nuair bhí aois mhaith sroiste aici?

Scior na focail céanna isteach i m’aigne an tseachtain seo nuair fógraíodh nach reáchtálfa­í Comórtaisí Idir-Chúigeacha in aon chor i mbliana. Níor chuir an ‘nuacht’ aon iontas ar fhormhór mór de lucht leanta na gcluichí Gaelacha.

Dáiríre, is fíor go bhfuil cos amháin des na comórtaisí go doimhin san uaigh le tréimhse fhada agus tá an chos eile ar foluain os a chionn ag éileamh bheith istigh.

Tá a ré rite agus easnamh tacaíochta ón bpobal a dhaor iad. Níl dílseacht a thuilleadh don gCúige, tá sé fillte ar na ceantracha gar dos na pobail áitiúla agus ar na contaetha go tréan freisin. Sin é an chúis leis an mborradh atá faoi chlubanna.

An dtarlóidh aiséirí ins na Cúigí? Ní dócha é i mo thuairimse pé scéal é.

Cuireadh tús leo sa bhliain 1927 ag tráth nach raibh mórán comórtaisí ar chlár CLG agus bhíodar go léir ann do dhaoine fásta amháin. Ní raibh trácht fós ar mhionúirí ná ní raibh cumann bunaithe in aon áit go fóill chun díriú ar spórt d’eagrú ins na bunscoilea­nna.

Níl aon amhras faoin bhforbairt is éifeachtaí atá tarlaithe sa CLG le dhá scór bliain anuas — mórfhorbai­rt na gclubanna.

Ní raibh aon ró-bhail ar áiseanna na gclub; ní raibh uisce reatha in go leor des na seomraí gléasta, níl aon chomparáid idir dromchla imeartha na bhfaichí ag an am agus cinn an lae inniu agus is beag a bhí ann ó thaobh fothana do lucht faire.

Is iontach an scéal é sin agus dá bharr tá meas ag gach pobal ar a gclub féin agus ard-rath ar Chraobhach­a Náisiúnta na gClub, go mórmhór ó cuireadh Clubanna Idirmheána­cha agus Sóisear san áireamh.

Tá seilbh glactha acu ar Pháirc an Chrócaigh do Lá ’le Pádraig agus na cluichí ceannais. Bíonn ana-atmaisféar le mothú ann ar an bhféile náisiúnta. Nach mithid cur leis ó thaobh ceoil de ar lá go mbíonn an tír báite le ceol agus ceiliúradh?

Tá bannaí píobairí ag dul i léig mar nach bhfuil cuireadh á fháil acu go dtí ócáidí móra oiriúnacha — amuigh faoin spéir.

Nach gcuireann píobairí go mór leis an meidhir a bhíonn ar an lucht féachana ag cluichí ceannais na Mumhan gach aon bhliain? Is scar den dtraidisiú­n sa Mhumhain anois é.

Ba dheas é béim a bheith ar Ghaelachas i bPáirc an Chrócaigh, go háirithe ar Lá ’le Padraig. Is suimiúil go bhfuil méadú ar Ghaelachas na hardchathr­ach. Nach fada ó bhí Niall Ó Dónail ag tuar gur ós na cathracha agus bailte móra in oirthear tíre a thiocfadh athbheocha­int na Gaeilge le himeacht aimsire?

Is dóigh liomsa go bhfuil an ré sin tosnaithe. Go maire sé i bhfad.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland