Na hUltaigh ar tí na Dragain a chur chun báis
Luaigh Reggie Corrigan, anailísí ar Rugbaí Beo ar TG4, ina chuid cainte roimh an chluiche idir Cúige Laighean agus na Dragons an tseachtain seo caite go bhfuil Bernard Jackman ag iarraidh an cultúr sna Dragons a athrú.
Tá seanaithne ag Reggie ar Jackman mar imreoir agus cara ach tar éis an taispeántais in aghaidh Chúige Laighean, tá jab thar a bheith crua os a chomhair agus roimh na Dragons sna blianta amach romhainn.
Rinneadh slad orthu 54-10 agus fiú le 12 imreoir in easnamh ag Laighin de bharr an chluiche idirnáisiúnta, ní raibh na Dragons a bhí gan triúr ábalta tairbhe a bhaint as.
Dearfach
Chun a bheith giota beag dearfach, thosaigh siad go maith ach ní dóigh liom go bhfeabhsóidh a scéal agus iad ag cur fáilte roimh Chúige Uladh san oíche Dé hAoine. Seasann Dragons ar deich bpointe, sa dara háit ó íochtar an tábla, le Cúige Uladh sa tríú háit ar 32 phointe i nGrúpa B.
Ní hé sin a rá nach bhfuil a bhfadhbanna féin ag na hUltaigh. Bhuaigh siad ach ar éigean i gcoinne Benetton 23-22, le Andrew Trimble a tháinig isteach mar ionadaí ag fáil an úid chinniúnaigh.
Arís, d’imir Cúige Uladh go maith anois is arís agus cé go bhfuil gortuithe ag cur as dóibh agus nach raibh imreoirí idirnáisiúnta ar fáil, beidh orthu teacht ar fhoirm rialta má tá siad ag iarraidh a bheith san iomaíocht ag deireadh an tséasúir.
Ba chóir go mbeadh na pointí ag Cúige Uladh Dé hAoine agus caithfidh na Dragons a bheith ar aire d’ionsaí fíochmhar.
Léiríodh Benetton go bhfuil feabhas tagtha orthu i mbliana le trí chluiche as naoi gcinn buaite acu ach ní leor dóibh an bua morálta sin sa chailliúint in adharca Chúige Uladh.
Beidh na Laighnigh ag taisteal chun RUGBAÍ PRO14 Dé hAoine Dragons v Chúige Uladh @19.35 Dé Sathairn Zebre v Chúige Chonnacht @13.15 Benetton v Chúige Laighean @15.30 An Mhumhain v Ospreys @17.30 na hIodáile agus arís thig linn a fheiceáil cé chomh fairsing agus doimhin is atá an painéal ag an chúige.
Sheas Rory Larmour amach agus é ar fheabhas mar lánchúlaí agus é mar an tríú rogha ag an chlub, chomh maith le Ross Byrne a bhí ina mháistir ag uimhir a deich.
Ró-láidir
Seans maith go dtosnóidh siad arís agus go mbeidh siad ró-láidir do na hIodálaigh Dé Sathairn. Cluichí eile a bheidh ar siúl tráthnóna Dé Sathairn ná Cúige Chonnacht as baile in éadan Zebre. Tá Cúige Chonnacht ag dul sa treo mhícheart ar an tábla ach seo cluiche a chaithfear a bhaint. Feicfear Cúige Mumhan sa bhaile in aghaidh na Ospreys atá ar íochtar Ghrúpa A, leis an chóitseálaí úr Johann Van Graan i gceannas den chéad uair.