Irish Independent - Seachtain

Liathróidí sneachta, coinnle agus Saintí ...cuimhní m’óige ag teacht ar ais chugam

-

Tháinig cuimhní m’óige thar n-ais chugam go láidir an tseachtain seo. Níl a fhios agam mar gheall ortsa ach nuair a fhaighim boladh de rud éigin tagann cuimhní maithe agus olca ar ais chugam.

Cé go raibh an aimsir mí-nádúrtha séimh go dtí le fíorghairi­d, nuair a tháinig an geimhreadh tháinig sé le cith mór clocha sneachta sa Ghaillimh pé scéal é.

Dhúisigh sé an tig chun an fhírinne a rá! Nuair a chuas amach an mhaidin sin fuaireas an boladh láidir úr a thagann leis seo. Tá tamall fada ó bholas é agus thug sé mé siar go dtí na laethanta luaithe scoile.

Bhí sé seo go hálainn. Is cuimhin liom ana-chuid maidineach­a mar seo agus sinn amuigh ar chlós na scoile agus sinn ag iarraidh liathróidí sneachta a chur le chéile. ‘Ag iarraidh’ mar ná beadh puinn ann.

Ní bhíodh sneachta chomh minic sin againn agus nuair a thagadh na clocha sneachta bhíodh sceitimíní orainn!

An mhaidin chéanna agus a tháinig na clocha sneachta seo chugainn dhúisigh an tig ar fad gan aon leictreach­as agus bhí an áit ar fad dorcha.

Bhí orainn na coinnle a fháil den gcéad uair agus in athuair tháinig cuimhní eile óige chugam.

Ar chúis éigin is minic a bhíomar gan solas ag stoirmeach­a agus mé óg. Ba chuma linn fés na soilse — is í an teilifís a bhíodh ag cur isteach orainne an uair sin. Gan teilifís cad a bheadh le déanamh againn? Labhairt le chéile? Ó Mhuire Mháthair!

Bhuel sin cad a tharla agus is amhlaidh an tseachtain seo caite. Bhí suaimhneas ann gan na soilse agus gan aon ghleo ach an oiread!

Fiú dúirt an leaid óg go raibh sé go deas ciúin agus ón lá sin níor cuireadh an teilifís sa tsiúl ar maidin.

Mar is eol do chuid agaibh thugas tamall do bhlianta ag obair i siopa feola agus aon uair a fhaighim boladh ó fheoil dheataithe is ar na laethanta sin a bhím ag cuimhneamh aríst. Ag an am bheifeá bailithe ag deireadh na Nollag ag an mboladh céanna ach ní níos mó. Leis an mboladh seo anois tagann an Nollaig domsa. Beidh liamhás deataithe agam gach Domhnach as seo go dtí an bhliain nua. B’in an traidisiún a bhíodh againne. Is nuair a thiocfaidh Saintí ag deireadh na míosa seo chugainn a thiocfaidh tuilleadh dos na cuimhní seo ar ais chugainn. Ní raibh aon rud ar nós theacht Shaintí agus beidh sé ag teacht aríst i mbliana. Táim ró-shean do bhronntana­is ach beidh na cuimhní agam ina n-áit!

} “Is nuair a thiocfaidh Saintí ag deireadh na míosa seo chugainn a thiocfaidh tuilleadh dos na cuimhní seo air ais chugainn” }

 ??  ?? Geimhreadh: Is breá le páistí an sneachta
Geimhreadh: Is breá le páistí an sneachta
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland