Bhí go leor pictiúr d’ialtóga le feiceáil Oíche Shamhna ach an bhfaca tú ialtóg riamh?
Tá formhór na n-ialtóg beag, clúmhach, cúthaileach. Bíonn cónaí orthu in uaimheanna nó i bhfoirgnimh thréigthe, áiteanna a mbíonn baint acu – i samhlaíocht dhaoine – le púcaí nó le dainséar. Is san oíche amháin a bhíonn ialtóga gníomhach agus de ghnáth, ní fheiceann daoine iad. Ar an ábhar sin, bíonn scanradh ar dhaoine rompu. Is iomaí scéal atá ann faoi ialtóga, ach níl a bhformhór fíor. Ar chuala tú go bhfuil ialtóga dall, nó go súnn siad fuil, nó go n-eitlíonn siad isteach i ngruaig dhaoine? Níl na scéalta seo fíor go hiomlán. Níl ialtóga dall – úsáideann siad a radharc chun a mbealach a aimsiú sa dorchadas. Níl suim dá laghad acu inár gcuid gruaige. Tá ialtóga vaimpírí ann ceart go leor – maireann siad ar fhuil, ach níl cónaí ar na hialtóga sin in Éirinn. Bíonn cónaí orthu in áiteanna ar leith i Meiriceá Theas agus maireann siad ar fhuil bhó, chaorach agus ghabhar. Ó lár na haoise seo caite, tá líon na n-ialtóg ar fud an domhain ag ísliú. Is iomaí cúis atá leis seo, easpa suíomhanna fara ina measc. Is i bhfara a ghlacann ialtóga sos, déanann siad codladh iontu agus beireann siad na hialtóga beaga iontu freisin. Nuair a bhíonn sé in am póraithe, roghnaíonn an ialtóg bhaineann spás deas teolaí thuas ag barr seanfhoirgnimh, nó sciobóil, nó cloigtheach séipéil. (Ar chuala tú an nath Béarla riamh faoi ‘bats in the belfry’?). Is é seo fara na n-ialtóg óg. Sa gheimhreadh, bogann na hialtóga go fara eile – in uaimheanna nó i siléir faoi thalamh - chun codladh an gheimhridh a dhéanamh. Sa lá atá inniu ann, úsáideann feirmeoirí líon mór ceimicí ar an talamh; leagaimid crainn, scriosaimid coillearnach agus bainimid sceacha agus fálta amach as an díog. Bíonn drochthionchar ag gníomhaíochtaí mar seo ar líon na n-ialtóg freisin. Tá ialtóga anois faoi chosaint an dlí chun iad a chaomhnú. Is coir é ialtóga a mharú d’aon ghnó, a láimhseáil, a choimeád gan cheadúnas; is coir é cur as d’ialtóga. Ach ní coir é aire a thabhairt d’ialtóg ghortaithe ná d’ialtóg óg a thréig a máthair í.