Irish Independent - Seachtain

An gcloiseann tú mé?

-

Tagann ialtóga amach san oíche chun breith ar fheithidí agus ar mhionainmh­ithe beaga eile. Is féidir leo feiceáil ach tá a gcéadfa éisteachta níos fearr. Tá a gcluasa an-íogair, agus formhór an ama, úsáideann siad macallaí chun a gcreach a aimsiú agus chun an tslí a aimsiú sa dorchadas. Aimsiú ó mhacalla a thugaimid mar ainm ar an modh stiúrtha seo. Preabann gach fuaim. Nuair a chloisimid fuaim ag preabadh ar ais chugainn, tugaimid an t-ainm macalla ar an bhfuaim sin. Seolann ialtóga amach fuaimeanna atá an-ard ar fad – cinn nach féidir linn a chloisteái­l – chun cabhrú leo breith ar fheithidí i ndorchadas na hoíche. Preabann na fuaimeanna an-ard seo ar ais ón gcreach, leamhan mar shampla. Cloiseann an ialtóg an macalla beagnach láithreach. Éisteann an ialtóg leis an macalla chun an fad idir í agus an fheithid a oibriú amach. Ar an mbealach seo, cloiseann sí agus feiceann sí cá bhfuil sí ag dul. Preabann gach fuaim, is cuma an bhfuil sí ard nó íseal. Bain triail as, tú féin. Bunábhair: • 2 fheadán chairtchlá­ir, m.sh. feadáin ó rolla cistine • Dromchla mín m.sh. bord • Rud éigin a dhéanann torann tic m.sh. clog (roghnach) • Cara le cabhrú leat Treoracha: 1. Beir ar cheann de na feadáin. Bíodh an feadán 30 cm ar shiúl ó do chara. 2. (o réidh, cuimil an chuid taobh istigh den fheadán le do mhéar. An féidir le do chara an fhuaim a chloisteái­l go héasca? 3. Anois, cuir an dá fheadán mar atá siad sa phictiúr. Iarr ar do chara a c(h)luas a chur le barr ceann de na feadáin. 4. (o réidh, cuimil an chuid taobh istigh den fheadán eile le do mhéar, mar a rinne tú i gCéim 2. An bhfuil sé níos éasca nó níos deacra ar do chara an fhuaim a chloisteái­l? Cad atá ar siúl? Tá dhá rud ar siúl anseo. Tá na feadáin ag breith ar na fuaimeanna a rachadh ar fud na háite gan iad. Nuair a chuimlíonn tú an chuid taobh istigh den fheadán, gluaiseann an fhuaim síos go dtí go sroicheann sí an bord mín. Preabann an fhuaim ar ais agus má tá an dara feadán ag an uillinn chéanna leis an gcéad cheann, gluaiseann an macalla ar ais suas an dara feadán agus cloiseann tú í go héasca. Pléigh: An bhfuil dromchlaí míne nó dromchlaí garbha níos fearr le haghaidh macallaí? Cuir cúiseanna le do fhreagra.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland