Cor sa chinniúint
Mainistir na Móna as Corcaigh agus Cor na gCon ó Mhaigh Eo a bheidh in adharca a chéile i gcluiche ceannais sinsear club na mban Dé Domhnaigh i bPáirc Parnell.
Seo an chéad uair a bheidh an dá fhoireann ag casadh lena chéile i mbabhta ceannais na gclub.
Bhí ar fhoireann Chorcaí teacht fríd babhta leathcheannais thar a bheith crua i gcoinne Charraig an tSionnaigh-Chábán tSíle nuair a thóg sé am breise chun na foirne a scarúint óna chéile — 4-5 le 0-15 an scór deiridh a chríochnaigh sé.
Droch-chuimhneacháin amach is amach atá ag Mainistir na Móna, ag cailleadh ag an staid seo faoi dhó, in 2014 in aghaidh an Tearmainn agus arís an bhliain dár gcionn in éadan Dhomhnach Maighean.
Foireann láidir atá acu áfach agus chuidigh an choimhlint ghéar a bhí ann sa bhabhta leathcheannais go mór leo. I measc na n-imreoirí atá acu, tá na deirfiúracha Ní Shúilleabháin, Doireann agus Ciara, a bhfuil taithí na mblianta acu ag leibhéal an chontae.
Ní strainséirí iad Cor na gCon don chomórtas seo, á bhuachaint cúig huaire ó 2002, le 2013 an uair dheireanach a bhí an lá leo. Bua éasca a bhí acu in adharca Naomh Macartan as Tír Eoghain sa chluiche leathcheannais 3-14 le 0-8.
Is í Cora Staunton an t-imreoir mór dóibh ach tá neart taithí ann, ina measc na himreoirí contae eile Fiona McHale agus Amy Dowling a d’aimsigh 1-3 ón imirt sa chluiche leathcheannais.
Is í Cora an captaen agus beidh sí ag dul chun na hAstráile an tseachtain seo chugainn.
Ní bhfuair sí an finscéal ceart leis an chontae i mbliana, an dtarlóidh sé ag leibheál na gclub?