BREATIMEACHT: Rialtas na Ríochta Aontaithe ‘trína chéile’
Tá Rialtas na Ríochta Aontaithe ‘trína chéile’ mar gheall ar an gcomhaontú faoin mBreatimeacht, agus iad siúd atá ina choinne ag rá gur gearr go mbeidh cogadh na gcarad sa Pháirtí Coimeádach.
Casfaidh ceannairí na hEorpa le chéile amárach chun a gcead a thabhairt don chomhaontú a socraíodh i ndiaidh na chéad chéime idirbheartaíochta, agus tús le cur le cainteanna trádála sa Bhliain Nua.
Bhain Rialtas na hÉireann tiomantas amach, agus tacaíocht aige ó na tíortha eile san Aontas Eorpach, go mbeadh na tairbhí ar fad a luaitear i gComhaontú Aoine an Chéasta fós i gceist.
Go ríthábhachtach, bhí tiomantas ann freisin nach bhfillfí ar phointí seiceála feadh na teorann idir Tuaisceart agus Deisceart Éireann.
Rabhadh
Leanfar leis an maoiniú síochána go dtí 2021 agus chomhaontaigh an tAontas Eorpach go bhféadfaí leanúint leis ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin.
Ach tá an chloch sa mhuinchille ag comhaltaí an Pháirtí Caomhaigh atá ar son an Bhreatimeachta do Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May.
Thug bronntóir Caomhaigh amháin rabhadh nach bhfuil sa chomhaontú ach iarracht le Breatimeacht bog a shleamhnú isteach. Dúirt sé go raibh sé in am ag lucht an Bhreatimeachta ar nós Boris Johnson seasamh a thógáil agus siúl amach as an gcomh-aireacht.
“Breathnaíonn sé ar nós go bhfuil an tAontas Eorpach tar éis ár bPríomh-Aire Breatimeachta bhoig a chur os comhair