Irish Independent - Seachtain

Faillí an Rialtais... arís

Labhraíonn Concubhar Ó Liatháin le Tomaí Ó Conghaile – bunaitheoi­r Ghradaim Cheoil Nós, a bheidh ar siúl Dé hAoine i mBÁC

- Le Sinéad Nic Con Rí

Tá scannal nua baincéirea­chta os comhair an Rialtais mar gheall ar a fhaillí aghaidh a thabhairt ar bhanc Briotanach agus an chaoi ar dhún sé na céadta gnó Éireannach.

Táthar ag cur i leith Bhanc Uladh go ndearnadh scamhadh sócmhainní d’aon turas ar níos mó ná 2,000 gnó Éireannach a bhí ag tuilleamh brabúis i rith na géarchéime airgeadais ó thuaidh agus ó dheas den Teorainn.

Ach cé gur thug údaráis sa Ríocht Aontaithe faoi fhiosrúchá­n agus gur cuireadh iallach ar úinéirí an bhainc – Banc Ríoga na hAlban (RBS) – scéim cúitimh a bhunú, tá custaiméir­í sa Phoblacht fós ag troid i gcoinne an bhainc.

Amhrasach

Léiríonn figiúirí a fuair an Teachta Dála Pearse Doherty gur phléigh comhlacht athstrucht­úraithe Bhanc Uladh, an GRG, le 2,141 ghnó – agus nach bhfuil ach sé cinn díobh siúd fós i mbun gnó anois.

“Tugadh ‘sraith an bháis d’fhiontair bheaga agus mheánmhéid­e’ ar an GRG.

“Táthar amhrasach gur úsáid RBS agus Banc Uladh é chun cuideachta­í inmharthan­a a leachtú seachas iad a bhainistiú i dtréimhse dheacair,” a dúirt Doherty.

“Sa Bhreatain, tá an tÚdarás

Beidh Moglaí Bap agus Mo Chara ann. Nó, mar is fearr aithne orthu, Kneecap, na ceoltóirí conspóidea­cha ó Bhéal Feirste. Tá Kneecap tar éis breis is céad míle amharc a fháil dá bhfíseán ‘C.E.A.R.T.A.’ ar Facebook in ainneoin – nó b’fhéidir de bharr – cosc a bheith orthu ó sheinnlios­ta stáisiúin raidió RTÉ.

Agus ní hamháin go mbeidh an bheirt Bhéal Feirsteach seo ann ach beidh go leor de cheoltóirí is amhránaith­e móra na Gaeilge ann. Iad agus a lucht leanúna agus beidh gach éinne ar bís. Cá háit? Cathain? Cad chuige?

An Sugar Club ar an Aoine bheag seo, 12 Eanáir, le haghaidh oíche mhór is cairpéad dearg Ghradaim Cheoil Nós 2018! Is é seo an ócáid a dhíbreoidh ghormacha na Nollag agus a chuirfidh tús rac-cheolmhar Gaelach leis an athbhliain.

Den triú bliain as a chéile atá na Gradaim Cheoil á reáchtáil ag an iris-suíomh stíl bheatha nos.ie agus tá siad níos mó ná riamh, léargas ar an mborradh atá tagtha ar shaol ceoil na Gaeilge de bharr níos mó bannaí ceoil is amhránaith­e ná riamh bheith ag baint úsáid as an nGaeilge.

Ní beag an spreagadh atá faighte acu ó na Gradaim Cheoil féin ach is cinnte go léiríonn méadú ar líon na n-iontrálach­a agus an feabhas suntasach ar an réimse ceoil atá le cloisteáil le liricí i nGaeilge go bhfuil Ceol NuaAimsear­tha as Gaeilge i mbéal agus i gcluasa phobal óg na Gaeilge go háirithe.

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na n-iontrálach­a atá faighte ag Gradaim Cheoil Nós ón gcéad bhliain a thosnaigh siad ach is mó ná sin arís an feabhas ar an gcaighdeán ar na hiontrálac­ha, dar le Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoi­r na nGradam Ceoil agus an fear a bhunaigh Nós.

“Tá sé soiléir anois go bhfuil caighdeán léirithe na rianta is na n-albam ag feabhsú agus an toradh sin le cloisint sna rianta agus sa dúthracht a chaitheann bannaí is amhránaith­e le gach gné dá gcuid saothair.”

I mbliana beidh duais ar leith le buachaint ag an mbanna nó amhránaí a bhaineann an gradam don amhrán is fearr.

Déanfaidh 2FM an t-amhrán a thaifeadad­h i stiúideo RTÉ agus beidh an t-amhrán ar sheinnlios­ta oifigiúil an chairtstái­siúin is mó sa tír ansin.

Is dul chun cinn suntasach é sin mar gheall nach raibh amhrán Gaeilge ar an seinnliost­a sin riamh agus go mbeidh an taifead á sheinnt ar chláracha éagsúla 2FM.

Tá an réalt raidió Eoghan McDermott ó 2FM ar phainéal na moltóirí a dhéanfaidh bhreithiún­as ar amhráin ar nós ‘C.E.A.R.T.A.’ le Kneecap, amhrán a spreag conspóid tar éis gur thug RTÉ le fios nach seinnfí é ag buaic-amannta éisteachta de bhrí na liricí a thagraíonn d’úsáid drugaí is eile.

Tá an ceoltóir aitheanta Eleanor McEvoy, a thuil clú as an amhrán ‘A Woman’s Heart’, ar phainéal na moltóirí freisin.

Ar na hamhráin eile ar an ngearrlios­ta tá ‘Gan Mise, Gan Tusa’ agus ‘Ná Bac’ le IMLÉ, ‘Sín do Lámh’ le Roisín Seoighe, ‘Acht Teanga Anois’ agus ‘Ní Cuimhin Liom’ le JJ Ó Dochartaig­h agus ‘Ronnachaí’ leis an racghrúpa ó Chonamara, Rís. Dar le Breandán Ó hEaghra ó Rís, is ócáid thábhachta­ch do cheoltóirí é ócáid Ghradaim Cheoil Nós.

“Tá sé tábhachtac­h aitheantas a fháil gan amhras cé acu bua nó díomá an toradh deiridh,” a dúirt sé.

“Is deas an teacht le chéile do dhaoine atá ag dul don cheird an oíche seo.

“Spreagann sé thú. Tá’s agat go bhfuil pobal ann – pobal cumadóirí is pobal éisteoirí. Braitheann ceoltóirí ar phobal – ní haon

mhaith bheith ag ceol inár n-aonar.”

Tá comórtas ar leith ann freisin don ealaín is fearr ar chlúdach albaim agus i mbliana beidh diosca vinile ó IMLÉ sa reicneáil, rud a léiríonn go bhfuil an nua-cheol Gaeilge leis an ngluaiseac­ht atá ann ar fuaid an mhargaidh ceoil ar shiúl ó sheinnlios­taí idirlín agus i dtreo seanmhodha­nna seinnte.

An t-aon chatagóir atá oscailte don phobal le vótáil ann ná comórtas na féile is fearr. Ar na féilte atá ar an ngearrlios­ta tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain is Liú Lúnasa i mBéal Feirste, SOMA i gCaisleán Uilinn, an Puball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Oireachtas na Gaeilge is Aonach Tailteann a reáchtálad­h i nGaeltacht­aí Thír Chonaill is Chonamara den chéad uair anuraidh.

Tá an chatagóir seo ann chun aitheantas a thabhairt d’ócáidí a thugann tacaíocht don nua-cheol agus creidtear go gcuirfear ionaid san áireamh sa chomórtas in 2019.

Ar an oíche mhór Dé hAoine, a bheidh á cur i láthair ag Rónán Mac Aodha Bhuí, duine de na ceannródai­the i gcur chun cinn an nuacheoil Gaeilge, beidh plúr na mbannaí agus na n-amhránaith­e ar an ardán sa Sugar Club, atá ar cheann des na hionaid is mó iomrá san ardchathai­r.

Beidh IMLÉ, a bhuaigh lán a lámh de ghradaim anuraidh agus atá ainmnithe in go leor catagóirí i mbliana, Kíla, Roisín Seoighe, Abhainn a’ Bhearra agus Pádraig Jack ag seinnt.

Beidh go leor airde, áfach, ar an mbeirt ó Bhéal Feirste, Moglaí Bap agus Mo Chara, a bheidh ag ceol a n-amhráin ‘C.E.A.R.T.A.’ beo agus i láthair an phobail den chéad uair.

Tá Kneecap, mar a thugann siad orthu féin, ainmnithe do thrí ghradam – an físeán is fearr, an t-amhrán is fearr agus an núíosach is fearr. Beidh le feiscint an éiríonn leo gradam nó trí a thabhairt leo i gcomórtas a bheidh an-ghéar gealltar.

“Tá an nua-cheol Ghaeilge leaindeáil­te – is iontach an dul chun cinn go mbeidh amhrán Gaeilge ar an seinnliost­a ag 2FM i mbliana ach níl anseo ach an tús,” arsa Tomaí le bród. GRADAIM CHEOIL NÓS, DÉ HAOINE, 12 EANÁIR SA SUGAR CLUB – TICÉID AR NOS.IE

 ??  ??
 ??  ?? Bunaitheoi­r: Tomaí Ó Conghaile
Bunaitheoi­r: Tomaí Ó Conghaile
 ??  ?? Ar son an cheoil: Ag seinm ag na Gradaim, deiseal ón bpríomh-phictiúir, Eve Belle; Spats Colombo; Clann Snyder; agus Aeons
Ar son an cheoil: Ag seinm ag na Gradaim, deiseal ón bpríomh-phictiúir, Eve Belle; Spats Colombo; Clann Snyder; agus Aeons
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland