Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL NA SEACHTAINE: MICHAEL WOLFF

-

Cé hé agus cad é a rinne sé?

Is iriseoir é Michael Wolff as New Jersey i Meiriceá agus tá sé i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar leabhar a d’fhoilsigh sé ar na mallaibh, Fire and Fury: Inside the Trump White House.

Déanann sé cur síos ann ar na caidrimh éagsúla agus chraiceáil­te sa Teach Bhán.

Sular cuireadh ar an mhargadh fiú é ar an 5 Eanáir, bhí sé ag uimhir a haon don leabhar is mó díol ar Amazon. Cé mhéad fírinne atá sa leabhar? Dúirt Preasrúnaí Trump Sarah Sanders gur ficsean ar fad atá sa leabhar agus nach bhfuil aon fhírinne ann ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, cáineadh Steve Bannon, iar-straitéisí i dTeach Bán Trump agus a chlann. Séanann Trump gur bhuail sé riamh le Wolff nó go ndearna sé aon agallamh leis.

Ach deir Wolff féin gur bhuail sé leis agus gur thug sé cead dó aon tagairtí a úsáid ón agallamh – agus, mar gheall ar na foinsí a bhí aige, glactar leis go bhfuil formhór an leabhair fíor. Cad é a dúirt sé maidir le Trump? “Cur síos amháin a rinne formhór na ndaoine faoi Trump ná go bhfuil sé cosúil le babaí mór,” dar le Wolff.

Deir sé freisin: “Ní léann sé agus ní éisteann sé le duine ar bith agus bíonn sé i gcónaí ag lorg moltaí ó gach duine.” Cén dóigh ar éirigh leis an údar an t-eolas seo ar fad a fháil? Deir an t-údar Wolff go raibh lánchead aige dul ar fud an Tí Bháin agus go ndearnadh breis agus 200 agallamh le Trump agus a fhoireann in imeacht 18 mí – bhí sé in ann é seo a dhéanamh,

dar leis, mar gheall ar an easpa eagrúcháin a bhí i bhfeidhm ag an bhfoireann. Cad é atá i ndán don leabhar anois? Admhaíonn Wolff é féin gur leabhar conspóidea­ch é ach nach raibh sé ag dul sa tóir ar an chonspóid. Bhí sé ag nochtadh na fírinne a bhí os a chomhair. Cíbe rud atá i ndán don leabhar, tá éileamh mór air ar fud na cruinne agus is cinnte go mbeidh tuilleadh scéalta le teacht amach go fóill faoi Trump agus a Theach Bán, bídís fíor nó bréagach.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland