Irish Independent - Seachtain

Bíonn sé go deas i gcónaí filleadh ar na gnáthchúrs­aí arís

-

Ní rabhas ag caint libh ón Nollaig, cheapas go raibh sí ait i mbliana. Bhí an Nollaig fhéin ana-dheas ach chomh luath agus a bhí Saintí tagtha tháinig deireadh leis!

Ní raibh faic in oíche chinn bliana agus ní raibh ann ach gnáthshaoi­re ina dhiaidh sin go gcuas ar ais ag obair ar an Luan. Is minic sinn ag caint ar cé chomh tapaidh is a bhíonn an t-am ag imeacht, dúirt fear liom inniu go mbeidh 1/3 den gcéad mhí imithe inniu! Sin fear go bhfuil go leor ama idir lámha aige! Ach bhí an ceart aige.

An méid sin fén Nollaig ráite bíonn sé go deas i gcónaí dul isteach sna gnáthchúrs­aí aríst, chun an fhírinne a rá libh ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann le tamall.

Is nuair a thagann an gnáthchúrs­a ar ais is féidir linn díriú isteach ar cad atá uainn sa bhliain úr seo, bíonn brú ón tsochaí rud éigin a chaitheamh in aer nó do shaol a athrú i slí éigin chun na maitheasa.

Muna bhfuil sé seo déanta agat ná bí róbhuartha, ní bheidh aon chaint ar na geallúintí bréige seo an tseachtain seo chugainn.

Bíonn cúpla guí seasta agam fhéin gach bliain, cinn phearsanta. Uaireanta bím sásta, ach le trí bliana anuas ní raibh na déithe ag éisteacht.

Bhíodar ag éisteacht le Dáithí eile atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus seans go mbeidh aríst i 2018. Má tharlaíonn sé seo táim ag dul ag guí go dtí an taobh dorcha an chéad uair eile.

Bhí na Déithe seo ag éisteacht le Dáithí na Gaillimhe i 2017 agus toisc go raibh beirt leis an ainm seo ar an bhfoireann, an captaen ina measc ní féidir liom a rá go raibh baint agam leis.

Bheinn ag súil go mbeadh an lá leo aríst i mbliana. Ní bheidh sé chomh simplí dóibh mar go bhfuil foirne maithe eile timpeall atá tar éis ceacht nó dhó a fhoghlaim le tamall anuas!

Níl ansan ach cúpla guí phearsanta, ach cad fén ndomhan mórthimpea­ll orainn? Tá gach éinne ag súil go mbeidh feabhas éigin dóibh siúd atá gan dídean. Tá an scéal seo ar gach clár nuachta le sé mhí anuas anois.

Tá’s agam nach bhfuil sé seo simplí, ní féidir leat dul isteach i siopa agus 20,000 tig a cheannach agus iad a thabhairt leat ach tá gach cosúlacht ann go bhfuil ana-chuid daoine ag obair go cruaidh air seo, beidh le feiscint!

Nuair a sheasann tú siar is mó fadhb atá le réiteach, idir iad siúd atá san ospidéal ar thralaí sa bhaile agus níos faide i gcéin conas a bheidh idir an tUachtarán Trump agus Kim Jong-un an bhfuil cúrsaí ag teacht chun suntais aríst? Beidh le feiscint.

Is cuma an ghuí a bheith beag agus pearsanta nó ar leibhéal domhanda comhairíon­n siad ar fad!

 ??  ?? An Nollaig: Slán agus beannacht!
An Nollaig: Slán agus beannacht!
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland