Bord an Údaráis ‘geall le cothrom’ dar le McHugh
Cheap Aire Rialtais mná chuig níos mó ná leath na bpost a bhí ar fáil dó ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus deir sé go gcabhróidh sé sin leis an eagraíocht.
Ceapann an tAire Gaeltachta Joe McHugh seachtar den dáréag comhaltaí Boird. D’ainmnigh sé ceathrar ban – an cathaoirleach ina measc – agus triúr fear.
Ainmníonn comhairlí an cúigear comhaltaí eile, ach níor moladh ach comhairleoir mná amháin don Aire.
Ach beidh cúigear ban i measc an dáréag comhaltaí ar an mbord nua anois.
In 1999, nuair a bhíodh fiche comhalta ar an mbord, ní raibh ach bean amháin ina measc.
Dúirt an tAire McHugh le Seachtain: “Bhí iarrthóirí thar a bheith cáilithe agus a raibh neart taithí acu i measc na ndaoine a phléigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí liom.
“Bhí cinneadh deacair le déanamh agam ach theastaigh uaim an cinneadh ceart a dhéanamh a rachadh chun tairbhe phleananna agus uaillmhianta an Bhoird.
“Táim muiníneach go gcuirfidh an comhionannas inscne níos fearr – le mná mar 40% den bhord – dinimic nua le smaointeoireacht agus le fís an Údaráis ag tréimhse thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht agus don teanga.
“Tá ról mór ag an Údarás maidir le pleanáil teanga agus cruthú fostaíochta. Táim muiníneach go n-oibreoidh an
bord nua le chéile chun leasa chuspóirí an Údaráis.”
Rinneadh seacht gceapachán an Aire, athcheapadh an Chathaoirligh ina measc, de bhun próisis a mhaoirsigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a d’éascaigh iarratais ón bpobal.
“Is cinnte go mbeidh dúshláin nua os comhair an Bhoird maidir le forbairt bhreise ar chúrsaí fiontraíochta, fostaíochta, pleanála teanga agus forbartha pobail sa Ghaeltacht. Ach táim muiníneach, i bhfianaise chumas agus scileanna an bhoird i dteannta a chéile, go rachaidh an bord, faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallachair, i ngleic leis na dúshláin sin as seo go ceann cúig bliana agus go dtacóidh siad go mór le hobair an Údaráis.”
Is í Anna Ní Ghallachair Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus is as Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall ó thús di.
Tá na mná eile a cheap McHugh ancháilithe freisin.
Is iad sin Mary Uí Chadhain as Gabhla, Caiseal, Conamara, Contae na Gaillimhe; Siobhán Seoighe as Doire Longáin, Baile Átha Buí, Contae na Mí; agus Debra Ní Shúilleabháin as Ceapach na gCrann, Máistir Gaoithe, Cill Airne, Contae Chiarraí.
Tá dea-theist orthu ar fad ag obair i réimse na teanga agus/nó an ghnó.
Is í an t-aon chomhalta mná a cheap comhairlí chuig an bord Máire Seosaimhín Breathnach as Port Láirge. Ceapadh ar an mbord ar feadh tréimhse dhá bhliain í anuraidh agus déanann sí ionadaíocht ar Chomhairle Contae Phort Láirge. Déantar sealaíocht ar an bpost sin idir comhairlí contae Phort Láirge, Chorcaí agus na Mí.