Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL NA SEACHTAINE: FLIÚ ASTRÁLACH

- NAOISE Ó CAIREALLÁI­N

Fliú na Muc agus anois an Fliú Astrálach, cad é?

Is cuimhin linn go léir an bhliain 2009 nuair a bhris Fliú na Muc amach – anois tá an Fliú Astrálach (H3N2) ag scaipeadh ar fud na cruinne.

Dúirt dochtúirí i Sasana gurb é seo an ghéarchéim fliú is mó a bhí acu le 20 bliain anuas le 85 dhuine marbh. Anseo in Éirinn táthar á n-ullmhú féin chun dul i ngleic leis.

Cad iad na comharthaí go bhfuil an Fliú Astrálach ort?

Is comhartha é má tá fiabhras ort, tinneas cinn nó scornach tinn agus deacrachta­í codlata. Is féidir leat a bheith ag caitheamh amach fosta.

Ní gá go mbeadh na comharthaí sin ar fad ort ag aon am amháin le go mbeadh an Fliú Astrálach ort mar sin is gá duit a bheith cúramach. Ar a laghad ní bheidh sé chomh holc leis an Fhliú Spáinneach 100 bliain ó shin nuair a maraíodh idir 25 agus 50 milliún duine.

Cad é ba chóir duit a dhéanamh má tá an Fliú Astrálach ort?

Moltar d’aon duine a shíleann go bhfuil an Fliú Astrálach orthu fanacht sa bhaile agus gan dul chuig an obair ná ar scoil.

Freisin, thiocfadh leat a bheith cosúil leis an sagart i gContae an Dúin a chuir cosc ar an chomhartha síochána ina eaglais ar eagla go scaipfí an fliú.

Cad é atá le rá na dochtúirí?

Dúirt an Dr Kevin Kelle ón HSE: “Tá tinneas atá nasctha leis an Fhliú i ndiaidh méadú i measc gach aois ach amháin páistí idir 1 agus 4 bliana d’aois.

“Tá sé níos éifeachtaí bac a chur air ná é a leigheas agus sin an fáth go bhfuil sé antábhacht­ach go bhfaighean­n tú vacsaín go háirithe má tá baol mór ort,” dar leis.

Cén áit is mó a bhfuil an Fliú Astrálach

ag scaipeadh?

Chuir an HSE léarscáil amach ag léiriú na n-áiteanna inar tuairiscío­dh an Fliú Astrálach.

Feictear ón léarscáil go bhfuil sé forleathan sa Lár Tíre. Tá breis agus 4,700 duine i ndiaidh dul chuig an dochtúir leis an Fhliú agus seoladh 500 díobh chuig an ospidéal.

San Astráil féin, tá tuairisc ann go bhfuil an Fliú i ndiaidh 170,000 duine a dhéanamh tinn agus go bhfuil 300 duine marbh. Is léir go bhfuil údar imní ann leis na figiúirí sin.

Cá bhfaighfea­r tuilleadh eolais?

Tá sé tábhachtac­h go ndéanfaí iarracht a bheith eolach ar chomhartha­í an Fhliú Astrálaigh.

Dá luaithe is a aithníonn tú go bhfuil sé ort is é is fearr é agus déan iarracht gan teagmháil ar bith a bheith agat le haon duine sa dóigh is nach scaipeann sé.

Má chuireann aon chuid den eolas seo imní ar bith ort is féidir leat tuilleadh eolais a aimsiú ar shuíomh an HSE, hse.ie.

 ??  ?? Rabhadh: Fógra in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath
Rabhadh: Fógra in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland