An féidir pobal Gaeilge a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht?
Tar éis sraith faisnéise raidió nua a chruthú, deir Peadar Ó Caomhánaigh nach don Ghaeltacht amháin í an Ghaeilge
“Tá an-Ghaeilge agaibh i gCluain Dolcáin, bail ó Dhia oraibh.” Sin cloiste agam na céadta, n’fheadar, na mílte uair le roinnt mhaith de bhlianta anuas. Tá Cluain Dolcáin fíor-Ghaelach, bail ó Dhia uirthi.
Dhá Ghaelscoil, Gaelcholáiste, Ionad Cultúrtha agus na céadta cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais. Gaelach amach is amach, deirtear liom. Ach fós féin, dá siúlfá tríd shráidbhaile Chluain Dolcáin gach seans nach gcloisfeá focal i nGaeilge.
Fiú dá rachfá le piunt a ól in Áras Chrónáin, gach seans go mbeadh Béarla le clos mar aon le Gaeilge sa bheár. An féidir in aon chor pobal Gaeilge a thógáil lasmuigh de Ghaeltacht?
Chun freagra na ceiste sin a aimsiú, bhuail mé bóthar os cionn bliain go leith ó shin, le cuairt a thabhairt ar roinnt de na pobail Ghaeilge eile timpeall na tíre. Chuaigh mé ó thuaidh go Carn Tóchair, siar go Baile Locha Riach, agus siar ó dheas go Ceatharlach agus Inis ag fiosrú an scéil – an bhfuil dul amú orainn ag ceapadh go bhféadfaimis pobal labhartha teanga a chruthú go saorga, go neamhorgánach?
Rugadh agus tógadh mise i gCluain Dolcáin. Ní raibh Gaeilge agam ón gcliabhán, ach bheartaigh mo thuismitheoirí mé a sheoladh chuig an scoil ba chóngaraí ag an am, an Ghaelscoil áitiúil. Táim i bhfiacha dóibh ó shin, mar tá an Ghaeilge mar chuid lárnach de mo shaol – cé nár thug mé sin faoi deara go dtí go raibh mé fásta.
Tá Áras Chrónáin, an t-ionad cultúrtha Gaeilge i sráidbhaile Chluain Dolcáin, tábhachtach dom chomh maith, ach ní raibh riamh ná choíche. Ní raibh mé bainteach le “saol na Gaeilge” ná leis an siobaileat marfach “pleanáil teanga”.
B’in rud a rinne daoine eile, rud a tharla sa chúlra. Ní raibh baint ag pleanáil teanga ná cruthú pobail liomsa, cé go raibh mé Gaelach, bail ó Dhia orm, agus an teanga in úsáid agam gach lá. Nuair a thosaigh mé ag obair ar bhonn deonach le Muintir Chrónáin, áfach, thuig mé nach dtarlaíonn an phleanáil go huathoibríoch. Ní fhásann na pobail seo, a raibh mise páirteach i gceann acu, thar oíche.
Cuirtear an síol agus tugtar cothú agus solas dó. Agus ó am go chéile bíonn an síol ag sracadh le briseadh tríd. Tá Muintir Chrónáin ag cur na Gaeilge chun cinn le daichead bliain anuas in Átha Cliath Theas, agus fós féin goilleann sé orm nuair nach bhfeictear torthaí na hoibre sin i ngach áit an t-am ar fad.
Mar sin, nuair a d’iarr Raidió na Life orm an mbeadh suim agam fáil amach conas a chruthaítear pobal Gaeilge, thapaigh mé an deis láithreach. Bhí mé ag súil le go bhféadfainn mo chuid taithí i gCluain Dolcáin a chur i gcomparáid le háiteanna eile. An bhfuilimid ag tarraingt dallamullóg anuas orainn féin ag ceapadh go bhféadfaimis “Gaeilge Lenár Linn” – ár n-aidhm – a aimsiú in aon chor?
D’fhéadfá a rá go raibh tús maith agam, nó b’fhéidir drochthús. Bhris Carn Tóchair mo chroí. Scaoilfidh mé rún libh. Nuair a bhí mise ar an meánscoil, cé go raibh mé díograiseach agus tiomanta don Ghaeilge, ba é an Béarla teanga an chlóis agus teanga na sráide.
Nuair a thuirling mé sa Charn, ní amháin go raibh gach duine do m’fháiltiú i nGaeilge, ach bhí na páistí scoile sa chlós ag spraoi trí mheán na teanga chomh maith. Labhair mé le hoifigeach forbartha na Gaeilge Leonne Ní Loinsigh agus múinteoirí na scoile sa cheantar agus níorbh aon ionadh é.
Tá an Ghaeilge sáite sa chultúr sa Tuaisceart, mar aon leis an gceol agus an spórt. Áit nach raibh sa Ghaeilge ach teanga domsa agus mé i mo dhéagóir, is comhartha féiniúlachta í don óige i gCo. Dhoire. Chaith mé dhá lá iomlána ag caint le muintir na háite faoin ngaol atá acu leis an teanga agus mhothaigh mé chomh méalaithe sa mhéad a bhí ar siúl againne sa bhaile. An síol ag fás daichead bliain agus muid náirithe ag an dream óg anseo ó Thuaidh.
Tugadh cuireadh dom freastal ar cheolchoirm ag ceiliúradh oscailt oifigiúil an Ghaelcholáiste nua i nDún Géibheann, le banna áitiúil darbh ainm dóibh Dúchas agus mór-réalta na Gaeilge Kíla. Tháinig an slua ó i gcéin is i gcóngar chun tacaíocht a léiriú don Ghaeloideachas. Ní raibh focal Gaeilge ag roinnt mhaith a bhí ann, ach bhíodar tógtha leis an gcoincheap gur rud maith é an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile.
B’in rud a rith tríd m’aistear ar fud na tíre. I mBaile Locha Riach agus in Inis bhí béim ollmhór ar an nGaeloideachas agus ar an nglúin óg, agus i gCeatharlach bhíodar ag baint torthaí an tsíl a cuireadh na blianta fada ó shin. Bhí páistí ag freastal ar na
Is minic a chloistear Béarla fiú laistigh den tearmann Gaelach a chruthaíomar i gCluain Dolcáin – ach caithfear an beár a choimeád oscailte
Gaelscoileanna ar fhreastail a dtuistí ar an nGaelcholáiste – an dara glúin le Gaeilge sa bhaile mór. Páistí ag teacht abhaile le hobair baile Ghaeilge agus ar a laghad duine de na tuistí le Gaeilge acu le cabhrú leo.
Cinnte, ní chloistear Gaeilge chuile áit ar shráideanna Cheatharlach, ná i dtithe tabhairne na hInse, ná i mbialanna agus caiféanna Locha Riach.
Mar a dúirt mé ní ba luaithe, is minic a chloistear Béarla fiú laistigh den tearmann Gaelach a chruthaíomar i gCluain Dolcáin, ach caithfear an beár a choimeád oscailte, caithfear an fhís a mhaoiniú, an síol a chothú agus a thabhairt chun solais.
Nílimid ann fós. Táimid taobh thiar den slua i gCarn Tóchair, ach táimid Gaelach, bail ó Dhia orainn, agus ní stopfaidh faic ar an domhan seo muid.
“Gaeilge lenár linn”, bail ó Dhia orainn go deimhin.
Is craoltóir le Raidió na Life é Peadar Ó Caomhánaigh agus is comhbhunaitheoir é den Pop Up Gaeltacht. Craolfar a chlár Pobail Ghaeilge gach Aoine ag a 7in go ceann míosa. Is féidir é a chlos ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, ar líne ag raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió.