Bliain na Gaeilge
Seo cúpla alt ó Tuairisc.ie – is fiú go mór na hailt a léamh ó thús deireadh. 1. Léigh na hailt seo os ard agus déan iarracht na dátaí agus na figiúirí ach go háirithe a fhógairt i gceart. 2. Déan na focail a bhfuil líne fúthu a aistriú agus foghlaim iad. 3. Scríobh aiste ar an ábhar ‘Bliain na Gaeilge 2018’. 4. Déan na ceisteanna seo a phlé le do pháirtí ranga mar chleachtadh don bhéaltriail: - An bhfuil mórán le ceiliúradh ag lucht na Gaeilge? Cén fáth? - Cén t-idirdhealú atá ann idir lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge, dar leat? - Cén argóint a bheadh i gcoinne ócáid cheiliúrtha mar seo a eagrú?
Maitiú Ó Coimín (11/1/2017)
• Cuireadh tús le Bliain na Gaeilge 2013 le ceiliúradh mór sa Daingean i nGaeltacht Chiarraí Oíche Chinn Bliana 2012. Dúirt de Spáinn go bhfuil súil ag an gConradh tús spleodrach eile mar é a chur le Bliain na Gaeilge 2018. Ní raibh ceachtar den dá rialtas sásta tacaíocht a thabhairt don bhliain cheiliúrtha ceithre bliana ó shin, ach dúirt de Spáinn gur “rud píolótach” a bhí i gceist an uair sin, agus gur ceiliúradh mór oifigiúil a bheidh i gceist an bhliain seo chugainn.
Maitiú Ó Coimín (15/8/2016)
• Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘Bliain na Gaeilge’ a cheiliúradh in 2018, tráth a mbeidh an eagraíocht teanga 125 bliain ar an bhfód. Ba in 2013 a bhí ceiliúradh ‘Bliain na Gaeilge’ go deireanach ag an gConradh… Deir an eagraíocht go dtabharfaidh ‘Bliain na Gaeilge’ aitheantas “don dul chun cinn ar fad atá déanta ag gach grúpa le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn”. Maítear gur “deis ollmhór” a bheidh ann an teanga a chur chun cinn “i slí nua-aoiseach, dhearfach”.
Máire Ní Fhinneadha (15/11/2017)
• I nDaonáireamh na bliana 2016, tháinig laghdú eile fós ar líon na ndaoine sin a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh den scoil – 73,803 a dúirt go ndéanann siad amhlaidh agus sin laghdú 4.4% (3,382 duine) ón daonáireamh roimhe sin in 2011. Agus duine ag breathnú ar na daonáirimh ó 1911-2011, is follasach an titim ó leathmhilliún cainteoir Gaeilge, ag glacadh leis nach sa scoil a bhí a bhformhór sin ag Gaeilgeoireacht, go dtí 77,185 cainteoir laethúil lasmuigh den chóras oideachais céad bliain níos déanaí. Thit líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 in 2011 go 20,586 duine in 2016, laghdú 11% i gcúig bliana… Nárbh fhearr an plean ‘Bliain Éigeandála na Teanga 2018’ a bheith againn, bliain nach ndéanfaí ach an fhírinne a aithint agus déileáil léi go macánta. Dá ndéanfaí amhlaidh, cá bhfios nach mbeadh údar ceart ceiliúrtha againn in 2019?
Maitiú Ó Coimín (22/11/2017)
• Tá an chéad bhabhta maoinithe d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge oscailte anois agus iarratais á lorg ó ghrúpaí éagsúla. €125,000 atá sa chiste agus dáilfear an t-airgead sin ina dhá bhabhta maoinithe an bhliain seo chugainn. Cuirfear suas le €50,000 ar fáil d’imeachtaí a eagrófar sa chéad leath den bhliain, ó Eanáir go Meitheamh 2018 agus idir €500 - €1,000 a bheidh le fáil do na tograí a nglacfar leo. Ní chuirfear aon mhaoiniú breise ar fáil, áfach, d’imeachtaí a bheidh ar siúl i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge, ó 1 - 17 Márta. Beidh suas le €75,000 ar fáil d’imeachtaí a bheidh ar siúl sa dara cuid den bhliain, ó mhí Iúil go mí na Nollag. Cheadaigh Foras na Gaeilge deontas €450,000 do Bhliain na Gaeilge ag deireadh na míosa seo caite, agus maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht léirithe ag nach mór 100 grúpa don cheiliúradh.
(3/1/2018)
• Tá ráite ag Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Thomas Byrne, go bhfuil “tús uafásach” curtha le ‘Bliain na Gaeilge’ toisc Údarás na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú i gcónaí gan aon bhord. Mhaígh urlabhraí oideachais Fhianna Fáil ar Twitter nach féidir ‘tacú’ le fiontair nua Ghaeltachta mar gheall ar an moill le ceapadh an bhoird nua agus cheistigh sé cur chuige an Rialtais i leith na teanga.