Baile nua do Ghradam Ceoil TG4
Má tá Oscar ann d’aisteoirí Hollywood, tá Gradam Ceoil TG4 ann do lucht an cheoil thraidisiúnta agus ní fada uainn anois ócáid mhór bhronnta na ngradam i gcomhair phlúr na gceoltóirí is amhránaithe.
I mbliana, den chéad uair, beidh sárcheoltóirí is amhránaithe na tíre ar an gcairpéad dearg ag an gCeoláras Cois Cuain i mBéal Feirste, an chathair ina mbeidh na gradaim lonnaithe as seo go dtí 2021.
Tá go leor éilimh ar na ticéid don ócáid Dé Domhnaigh, 4 Feabhra, agus ní hionadh an méid sin nó tá sárcheoltóirí ar nós Frankie Gavin (Ceoltóir na Bliana), Phádraigín Ní hUallacháin (Gradam Comaoine), Mháire Ní Chéilleachair (Amhránaí na Bliana), Clare Friel (Ceoltóir Óg na Bliana) agus Patsy Hanley (Gradam Saoil) ina measc siúd ar a mbronnfar na gradaim.
Tá gradam ar leith freisin ar son ceol comhoibríoch le bronnadh ar Colin Dunne, Sinéad Rushe agus Mel Mercier, a chruthaigh an saothar ‘CONCERT’.
Is cinnte go mbeidh suim áitiúil ar leith sa Field Marshall Montgomery Pipe Band, banna píobairí ó Lios na gCearrbhach lámh le Béal Feirste, banna píobaireachta atá aitheanta ar an mbanna is fearr ar domhan agus a bhfuil deich gcraobh dhomhanda buaite acu.
Beidh Gradam Speisialta á bhronnadh ar an mbanna ar an oíche – agus is cinnte go bhfuil go leor daoine ag súil go mór leis an díon á bhaint den gceoláras a chlos nuair a mháirseálann an banna isteach ann agus a bpíobaí i lán a gceoil.
Beidh sraith d’imeachtaí ar leith i mBéal Feirste le linn na laethanta beaga roimh an gcoirm, scannáin á dtaispeáint, tobsheisiúin cheoil in ionaid éagsúla ar fud na cathrach ar nós Leabharlann an Línéadaigh, Ghníomhaireacht na hUltaise agus na Cultúrlainne.
Is é seo an t-aonú bliain is fiche de Ghradam Ceoil TG4 agus is liosta le háireamh iad na réaltaí ar bronnadh gradaim orthu i gcaitheamh na mblianta – leithéidí Sharon Shannon, Matt Molloy, Pheadar Uí Riada, srl.
Ar an oíche is iad Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain – a scríobhann leis an nuachtán seo – a bheidh i mbun an tsearmanais agus gealltar dúinn freisin go mbeidh go leor aíonna speisialta ag seinnt chomh maith le linn na coirme, ócáid a chraolfar ina hiomláine ar TG4 níos déanaí sa bhliain.
Tá ticéid le fáil ar www.waterfront. co.uk agus tá sladmhargaí ann má tá grúpa ag iarraidh teacht in éindí.