Irish Independent - Seachtain

An mbeidh foireann ar bith in ann stop a chur le Cúige Laighean?

- Le Gráinne McElwain

Tá foirne rugbaí na hÉireann beagnach ann tar éis deireadh seachtaine measctha i gCraobh na hEorpa inar cháiligh Cúige Laighean do na babhtaí cáilithe chomh maith le Cúige Chonnacht i gCorn Challenge. Ach tá obair fós le déanamh ag na hUltaigh agus na Muimhnigh agus iad ag iarraidh an beart céanna a chur i gcrích i mbliana.

Achan seachtain, breathnaío­nn Cúige Laighean níos fearr agus d’éirigh leo cáiliú le babhta le dul go furasta in adharca Ghlaschú an tseachtain seo caite, 55-19 an scór deiridh agus buntáiste baile aimsithe ag Cúige Laighean dá bharr.

Ní inniu ná inné gur sheas muid siar ag tabhairt ómóis don talann atá timpeall an chlub agus nuair is féidir le leithéidí imreoirí idirnáisiú­nta Rob Kearney agus Cian Healy teacht isteach mar ionadaithe, níl rudaí ró-dhona.

Is iad Cúige Laighean rogha na n-údar leis an chomórtas a bhuachan agus tar éis an méid atá feicthe againn go dtí seo, bheadh sé thar a bheith doiligh dul in aghaidh na tuairime sin.

Seasann Cúige Uladh ar bharr ghrúpa a haon tar éis a mbua 20-13 in éadan La Rochelle an tseachtain seo caite. Ach ba é an cheist mhór cad a tharla do Wasps a bhí 21-0 chun tosaigh ach a ghéill an cluiche go Harlequins 33-28 ag an fheadóg dheireanac­h.

Cibé, caithfidh Cúige Uladh buachaint ar Wasps Dé Domhnaigh, go háirithe mar go bhfuil La Rochelle mar rogha na n-údar le cúig phointe a chrochadh leo sa bhaile i gcoinne Harlequins atá ar íochtar an tábla. Níl ach pointe amháin idir Cúige Uladh agus La Rochelle sa chéad agus sa dara háit ach ní thiocfadh leis na hUltaigh aon mheancóg a dhéanamh an uair seo.

Cúig bhomaite le dhul, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an Mhumhain ann agus iad dhá phointe chun tosaigh ar Racing 92 ach bhí orthu socrú do phointe bónais tar éis an cluiche a chailleadh.

Tá siad fós ar bharr ghrúpa a trí agus bheifeá ag súil go bhfaighidí­s na pointí sa bhaile in aghaidh Castres Olympique atá as an iomaíocht. Ciallaíonn sé go bhfuil an-seans fós ag na Muimhnigh cáiliú ach níl sé ag amharc ró-mhaith dóibh go mbeidh buntáiste baile acu sa chluiche ceathrú ceannais.

Bí cinnte go dtabharfai­dh Kieran Keane sos do roinnt imreoirí Dé Sathairn nuair a imreofar in éadan Oyonnax ag an Sportsgrou­nd sa bhabhta dheireanac­h de Chorn Challenge. Cheana féin tá Cúige Chonnacht cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais i mí Aibreáin mar aon le Dún Éideann, Pau, Gloucester, Cardiff Blues agus na Falcons.

 ?? PIC: LORRAINE O’SULLIVAN/PA WIRE ?? Aicsean: Rob Kearney in adharca Ghlaschú.
PIC: LORRAINE O’SULLIVAN/PA WIRE Aicsean: Rob Kearney in adharca Ghlaschú.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland