An tSeachtain AB FHAIDE
Tá bainisteoir sacair fós againn – ach tá ceisteanna le freagairt ag O’Neill agus an FAI i ndiadh an ‘Stoke Saga’
Deirtear go mbíonn seachtain fada i saol na polaitíochta ach d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi shaol an spóirt. Le coicís anuas bhí ráflaí ag dul thart go raibh Martin O’Neill ag fágáil a phoist mar bhainisteoir na hÉireann chun dul ar ais go Príomhroinn Shasana mar bhainisteoir ar Stoke City.
Cuireadh na céadta alt i gcló faoin scéal seo agus pléadh é go mion idir mhaith agus olc. San oíche Dé Domhnaigh seo caite, tháinig an scéal anuas nach mbeadh O’Neill ag fágáil anois, le fad an chonartha a bhí beartaithe ag Stoke City ina bhac dó.
Ba chóir go mbeadh daoine sásta go bhfuil an cinneadh sin déanta ag O’Neill fanacht – ach a mhalairt atá i gceist le go leor ag éileamh go gcaithfear ceisteanna a fhreagairt.
Is é an chéad cheann ná cad chuige go mbeadh sé chomh simplí sin do O’Neill fágáil? Cé go bhfuil conradh ó bhéal idir é féin agus an FAI, níl conradh oifigiúil sínithe aige. Mar sin, dá bhfágfadh O’Neill, ní bhfaigheadh an FAI pingin cúitimh dó.
Ceist eile ná cé chomh tógtha is atá O’Neill le jab fhoireann na hÉireann? Sular tháinig post Mark Hughes ar an mhargadh, bhí ceangal idir é agus folúntas in Everton. An gciallaíonn sé sin go mbeidh dlúthbhaint agus cúlchaint faoi i gcás gach jab a thiocfas chun cinn amach anseo? Ar mhaith leis fanacht ar chor ar bith?
Ar ámharaí an tsaoil, tá iar-imreoirí ar nós Richard Dunne, Richie Sadlier agus Paul McGrath tar éis teacht amach ag rá nach bhfuil post O’Neill indéanta anois.
Ach caitheadh go leor drochphreasa ag O’Neill sna meáin agus seans maith go bhfuil sé féin dubh dóite den sorcas atá fite fuaite lena jab agus a bheidh ar siúl idir seo agus 2020.
Mar sin, muna bhfaighidh an FAI peann le páipéar go luath, cé chomh fada is a mhairfidh sé sa jab nó an mbeidh O’Neill i gcónaí ag cuartú ní eile níos fearr?