PRÓIFÍL NA SEACHTAINE: AN CHÓIRÉ É THUAIDH
Cad é atá ag dul ar aghaidh sa Chóiré Thuaidh anois? Ní faoin chnaipe mhór dhearg atá ag Kim Jongun atáimid ag caint inniu ach foireann Oilimpeach na Cóiré Thuaidh a bheidh ag glacadh páirt sna cluichí in PyeongChang sa Chóiré Theas. Bhí iontas ar Bhord na gCluichí Oilimpeacha go raibh an Chóiré Thuaidh ag seoladh an oiread sin lúthchleasaithe as siocair an teannas ar fad atá ann idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. An bhfuil siad ag ath-aontú na tíre? Seolfaidh an Chóiré Thuaidh fiche a dó lúthchleasaí chun páirt a ghlacadh i dtrí spórt éagsúla i gCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh. Ní amháin sin, ach beidh lúthchleasaithe ón Chóiré Thuadh agus ón Chóiré Theas ag seasamh le chéile ar an 9 Feabhra. Den chéad uair ariamh beidh foireann Haca na mBan measctha san aon fhoireann amháin ar son na Cóiré. Cén fáth a bhfuil an oiread sin coimhlinte idir an dá thír? Is ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda in 1945 a scar an tír ina dhá leath agus is sa bhliain 1950 a thosaigh an Cogadh Cóiréach. I ndiaidh an chogadh sin bhí an dá thír scriosta ach bhí an scoilt go fóill ann. Tá smachtbhannaí i bhfeidhm ag Meiriceá chun brú a chur ar an tír agus d’fhorbair an Chóiré Thuaidh féidearthachtaí núicléacha.
Ach anois leis na Cluichí Oilimpeacha ar na bacáin, chuir Rialtas na Cóiré Theas preasráiteas amach: ”Cuideoidh cinneadh na Cóiré Thuaidh a bheith rannpháirteach sna Cluichí Oilimpeacha go mór le síocháin agus caidreamh a thógáil idir an dá thír.” Cad é atá ag dul ar aghaidh sa Chóiré Thuaidh? Is minic go mbíonn scéal sa nuacht maidir le duine a d’éalaigh ón tír nó faoin drochshláinte atá ar roinnt mhaith den daonra sa Chóiré Thuaidh. Nuair a théann tú
ar cuairt ar an tír, níl cead agat a bheith ag siúl thart leat féin. Bíonn treoraí de chuid an stáit i do chuideachta i gcónaí.
Cibé rud atá ag dul ar aghaidh sa tír sin, níl siad ag iarraidh go mbeadh a fhios againne é. Seans go bhfaighidh muid spléachadh úr ar an tír leis na
Cluichí Oilimpeacha i mí Feabhra. Ach cad é a dhéanann an Chóiré Thuaidh ag na Cluichí Oilimpeacha de ghnáth? Ghlac an Chóiré Thuaidh páirt i gCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh den chéad uair riamh in 1964 agus i gcluiche an tsamhraidh sa bhliain 1972. Tá 56 bonn buaite ag an Chóiré Thuaidh san iomlán. Seans maith go gcuideoidh an teacht le chéile seo le níos mó bonn a bhaint i mbliana don Chóiré. Cad atá i ndán dúinn anois ag na Cluichí Oilimpeacha? Beidh neart comórtais agus cluichí móra ag titim amach in PyeongChang idir an 9 agus 25 Feabhra agus cibé toradh atá ann tá dul chun cinn déanta sa Chóiré. NAOISE Ó CAIREALLÁIN