Irish Independent - Seachtain

Chuala mé na daoine ag caint – cheap mé go ndearna Joanne Hayes rud éigin ‘mícheart’

-

Ní rabhas ach a hocht nuair a tháinig cás na ‘Kerry Babies’ chun solais. Cé go rabhas anaóg is maith is cuimhin liom an scéal seo i mbéal an phobail, agus é sna páipéir áitiúla agus ar an nuacht.

Ag féachaint siar, cheapas ag an am go raibh rud éigin mí-cheart déanta ag Joanne Hayes. Sin an tuiscint a bhí ann ag an am sin. Sin mar a bhí an scéal ag teacht ó na meáin agus tríd na daoine a bhí timpeall orm.

Cad eile a cheapfadh buachaill chomh hóg agus é ag fáil na scéalta dara agus triú lámh agus gan aon tuiscint ar rudaí. Nuair atá tú óg mar sin bíonn gach rud dubh agus bán.

Nuair a tháinig an scéal chun suntais an tseachtain seo caite aríst tháinig na hainmneach­a ar fad ar ais chugam. Is maith is cuimhin liom ainm Jeremiah Locke á lua agus Joanne Hayes.

An uair seo bhí formhór an fhíorscéil againn. Níl an scéal ina iomláine ar eolas ag éinne is dócha! Nuair a fhéachann tú isteach sa scéal agus an tslí ar caitheadh le Joanne Hayes chuirfeadh sé mearbhall ar dhuine!

Ní gá dul isteach sa chás anseo mar go bhfuil na fíricí ar eolas ag daoine anois. Ach tá sé comh dochreidte mar scéal agus dá bhfeicfeá é seo i scannán déarfá leat fhéin go raibh an scéal amaideach agus gan bhrí.

As an méid ar fad a tharla do Joanne Hayes conas a lean sí ar aghaidh ag an am? Conas atá cúrsaí léi ó shin i leith? Caithfimid pictiúir a tharrac chun scála éigin a fháil ar conas a bhí cúrsaí ag an am.

Amuigh fén dtuath i 1984 agus an Eaglais i réim agus d’ainm á shalú os comhair an phobail go laethúil. Bheadh duine láidir tiomáinte simplí gan trácht ar ógbhean tuaithe 25 bliana.

An cheist atá i mbéal gach éinne anois ná canathaobh anois? Canathaobh go bhfuil an scéal seo sa nuacht anois? An bhfuil rud éigin nua ag na Gardaí? Ní foláir go bhfuil.

Toisc gur caitheadh chomh holc le Joanne Hayes agus gur scéal millteach é seo is fuirist dearúd a dhéanamh ar ‘Baby John’. Cad a tharla dó? Agus an spotsolas ar Joanne Hayes an t-am ar fad. Níl fhios againn faic fé agus domsa tá sé seo brónach agus truamhéala­ch. Rud amháin siúrálta tá duine éigin amuigh ansin a chuimhníon­n air, ach an cheist ná cé?

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland