Irish Independent - Seachtain

Ag scimeáil ar líne

-

Tógadh roinnt de na ceisteanna seo ó www.ceacht.ie:

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.

1. An gcaitheann tusa mórán ama ar an idirlíon? 2. Cad iad na suíomhanna idirlín is fearr leat? Cén fáth na cinn sin? 3. Nuair a bhíonn tú ar YouTube cad iad na saghsanna físeán a bhféachann tú orthu? 4. An bhfuil rud ar bith uaslódáilt­e agat féin ar YouTube nó ar shuíomh dá leithéid (e.g. físeán díot féin ag canadh / ag seinm ceoil agus araile)? 5. Cad iad na suíomhanna is úsáidí duit chun cabhrú leis an obair bhaile / staidéar? 6. An bhfuil cuntas Facebook agus Twitter agat? Cé acu is fearr, dar leat? Cén fáth? 7. An bhfuil tú ‘cairdiúil’ le do thuismithe­oirí ar Facebook? Cén fáth? 8. An gcuirtear teorainn leis an méid ama a bhfuil cead agat a bheith ar líne sa bhaile? 9. An dóigh leat go bhfuil daoine róghafa leis an teicneolaí­ocht na laethanta seo?

Freagra Samplach: Gan dabht ar bith, tá daoine róghafa leis an teicneolaí­ocht sa lá atá inniu ann. Bíonn gach duine ar an bhfón póca agus ní labhraíonn siad mórán lena chéile. Nuair a théim amach le mo chairde, is minic a bhíonn siad róbhuartha faoi ghrianghra­if a ghlacadh le haghaidh Facebook chun craic a bheith acu. Bíonn mo mham crosta nuair a úsáidim m’fhón ag am dinnéir freisin. Tá sé an-drochbhéas­ach, ach bíonn sé deacair an fón a chur síos ar feadh uair an chloig fiú!

10. An dóigh leat go bhfuil an t-idirlíon dainséarac­h do dhéagóirí?

Freagra Samplach: Is cinnte go mbíonn go leor fadhbanna ag déagóirí ar an idirlíon. Tá an t-idirlíon an-dainséarac­h. Bhuel, is féidir leis an idirlíon a bheith dainséarac­h mura bhfuil tú cúramach. Tá daoine fásta amuigh ansin, fir den chuid is mó, a ligeann orthu gur déagóirí iad féin, ag iarraidh cailíní óga a mhealladh. Is uafásach an scéal é seo agus cuireann sé eagla orm. Ach ní tharlódh sin domsa, mar ní labhraím le daoine nach bhfuil aithne agam orthu. Mharódh mo mham mé!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland