Irish Independent - Seachtain

Ceacht Léitheoire­achta

-

Léigh an sliocht seo leis an duine in aice leat agus breacaigí síos deich bpointe eolais faoin CLG. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil saol an mhadra bháin ag lucht leanta na peile Gaelaí maidir le cluichí a bheith “beo” ar an teilifís. I rith an tsamhraidh bíonn féasta peile ann beagnach gach deireadh seachtaine. Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíoch­t na gcalaoisí gránna agus na himeartha shoiniciúl­a mar aon leis an easpa sportúlach­ta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas. Ní mór tagairt speisialta a dhéanamh don chraoladh i nGaeilge agus do bhunú TG4. Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, ó chluichí Gaelacha, rugbaí agus sacair go peil na hAstráile, ach cé a cheapfadh, fiú cúpla bliain ó shin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifís na Gaeilge agus an tráchtaire­acht á déanamh trí mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin. Maidir leis na físeáin, baintear an-leas astu chun féachaint siar ar chluichí a imríodh agus na botúin a rinneadh a scrúdú agus a chur ina gceart, agus chun anailís a dhéanamh ar laigí chomh maith le tréanphoin­tí an fhreasúra. Chabhraigh an físeán go mór le hullmhúchá­n gairmiúil a chur chun cinn ó thaobh na gcluichí Gaelacha de agus is dóigh liom gur féidir a rá gur maith ann an físeán ón taobh sin de… Deis iontach is ea an t-idirlíon chun an aidhm chultúrtha úd a fhógairt go soiléir agus a chur chun cinn. Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil. Tá beagán Gaeilge ar shuíomh Dhún na nGall, ach níl tada ag Gaillimh nó ag Ciarraí, dhá chontae Ghaeltacht­a a bhfuil clubanna láidre Gaeltachta iontu. Níl aon fhreastal ar lucht Gaeilge ná aon iarracht an saibhreas Gaeilge atá sna contaetha sin a láidriú agus a scaipeadh. Más é an leithscéal ná gur comhlachta­í idirlín a sholáthraí­onn an tseirbhís, níl sin sásúil. An rud is mó a chuireann as dom ná gurb é an t-aon alt i nGaeilge a raibh mé in ann teacht air ar shuíomh idirlín de chuid CLG ná tuairisc ghearr a scríobh mé féin do shuíomh Átha Cliath, “Hill 16”, mí Dheireadh Fómhair seo caite faoi chluiche scoile!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland