Irish Independent - Seachtain

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin

-

Le cúpla mí anuas, bhí an-chuid cainte ar siúl faoi aimsir an gheimhridh. Rinne tuilte agus gaotha an-damáiste do thithe agus d’fheirmeach­a in áiteanna áirithe in Éirinn. Ní hé seo an chéad gheimhread­h a bhí aimsir uafásach againn. Sa bhliain 2010, bhí an geimhreadh ab fhuaire le beagnach 50 bliain anuas againn. Níos faide siar, ba í 1947 ‘Bliain an tSneachta Mhóir’. Ní raibh daoine, carranna ná traenacha in ann gluaiseach­t toisc go raibh an sneachta chomh domhain sin. Lean an sneachta go dtí lár an Mhárta. Níos faide siar arís, bhuail gaoth mhór Éire ar an 6 Eanáir 1839.Fuair beagnach 300 duine bás agus bhí na mílte duine dídean gan mar díon thoradh gan ar Oíche na Gaoithe Móire. Sa bhliain 1839, ní raibh stáisiúin aimsire in Éirinn, ná eolaithe a bhí ábalta réamhaisné­is a dhéanamh ar an aimsir. Ní raibh stáisiún aimsire againn go dtí 1860. Ó 1936 i leith, tá seirbhís réamhaisné­ise aimsire againn anseo in Éirinn. Is meitéareol­aithe iad na heolaithe a bhíonn ag féachaint ar an aimsir agus a dhéanann tuar uirthi. Meitéareol­aíocht an t-ainm atá ar an eolaíocht a bhaineann le tuar na haimsire. Met Éireann an t-ainm atá ar an tseirbhís réamhaisné­ise agus is féidir leis na heolaithe ann an sórt aimsire atá le teacht go ceann roinnt laethanta a thuar. Ar an gcaoi seo, bíonn seans ag daoine ullmhú don aimsir. I rith na bliana 2015 tháinig Met Éireann agus Oifig Mheitéareo­laíochta na Ríochta Aontaithe le chéile chun liosta ainmneacha a ullmhú do stoirmeach­a an gheimhridh sin.

Cé go bhfuilimid ag creathadh leis na gaotha fuara, nach aisteach gur í gluaiseach­t teasa ar an domhan is cúis le haimsir an gheimhridh? Téann an ghrian an domhan ach, toisc gur sféar é an domhan, ní fhaigheann gach áit an méid céanna teasa. Gar don mheánchior­cal faigheann áiteanna níos mó teasa ná na poil. Bíonn an domhan de shíor ag iarraidh cothromaío­cht a bhaint amach sna teochtaí agus, mar thoradh, gluaiseann aer agus uisce thart ar an

gcruinneog.

Iompraíonn an t-aer

agus an t-uisce seo teas. Is í an ghluaiseac­ht teasa seo is cúis leis an aimsir a bhíonn againn. Lean ort ag léamh agus foghlaimeo­idh tú faoi aimsir agus faoi theas.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland