NÍL SÉ CGL
trácht orthu ach is sna meáin Ghaeilge atá sé. Agus má tá trácht orthu sna Meáin Bhéarla, is cuma le daoine, ‘Oh it’s just those Gaylgores being difficult over nothing’.”
“Ní bhreathnaíonn siad ar an nGaeilge mar theanga bheo. Ach nuair a chuirtear ainm teanga eile isteach, is scéal eile é.”
Tugann Ciara an chreidiúint dá suim sa Ghaeilge do mhúinteoirí a bhí aici ar an mbunscoil, rud a thugann an bhréag don seanmhiotas faoi ‘drochmhúineadh’ na Gaeilge ag cur as do dhaoine.
“Bhí múinteoirí iontacha agam sa séú rang ar an mbunscoil, beirt a bhí ag postroinnt, agus a raibh spéis acu sa teanga. Míle buíochas Mrs. McGrath agus Mrs. O’Grady! Ó shin chuaigh mé go dtí Coláiste Chamuis gach bliain go dtí an Ardteist, agus rinne mé staidéar ar an nGaeilge ar an ollscoil. Anois ní féidir liom mo shaol a shamhlú gan a bheith páirteach i bpobal álainn na Gaeilge.”
Is file aitheanta í Ciara a eagraíonn ócáidí ar nós Reic, ag a dtagann filí óga i láthair an phobail agus a dhéanann a gcuid dánta a chur i láthair go paiseanta.
“Thaitin focail i gcónaí liom! Scríobhainn filíocht i mo dhialann ó bhí mé an-óg. Ansin thosaigh mé ag foilsiú dánta agus mé ar an ollscoil. “ “M easaim go gceaptar go bhfuil filíocht ardnósach agus seanfhaiseanta trí chéile, beag beann ar an teanga ina bhfuil sí. Ní dóigh liom in aon chor gur slí ‘chun tosaigh’ é físeáin a úsáid! Tá cineálacha éagsúla filíochta ann, agus beidh i gcónaí. Tarlaíonn sé go ndéanaim físeáin in amantaí, ach scríobhaim don leathanach freisin. “Tá mo thuiscint féin ar cad is filíocht ann an-oscailte. Nuair a thagann sé chomh fada leis an ealaín agus an chruthaitheacht, measaim go bhfuil spás ann do gach iarracht agus léiriú. Ag imeachtaí REIC bíonn raon mór leathan den fhilíocht ann, agus is breá liom sin a fheiceáil.”
Tá Ciara ag múineadh Gaeilge thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Scoláireacht Fulbright agus tá iontas uirthi faoin ndíograis a léiríonn a scoláirí.
“Tá roinnt acu an-díograiseach ar fad. Chuir sé ionadh orm an méid oibre a chuir siad isteach, ach sin mar a bhíonn na mic léinn san ollscoil seo. Cuirim an-bhéim ar an nGaeilge bheo – taispeánaim cláir TG4 dóibh, léimid NÓS, agus tá plean agam rang a dhéanamh ar rapcheol i nGaeilge leo freisin! Agus tá súil agam go mbreathnaíonn siad uirthi mar theanga seachas mar mhodúl!
Beidh sí ag filleadh go hÉireann ag tús an tsamhraidh agus í ag súil go mór le theacht abhaile.
“Ba bhreá liom luí isteach ar an scríbhneoireacht i gceart, agus mé ag súil le rud a chruthú don ardán nó don scáileán. Cheap mé go mbeadh am agam anseo i Meiriceá ach bhí an chéad téarma fíochmhar gnóthach! Cá bhfios an bhfuil slí bheatha ann, ach bainim an oiread sin taitneamh as a bheith ag cruthú agus leanfaidh mé an dúil sin.”