Irish Independent - Seachtain

O’Rourke: Thar a bheith tábhachtac­h pointí a bhaint sna chéad chluichí

- Le Gráinne McElwain

Is i gCluain Eois a thosnóidh feachtas pheileadói­rí Mhuineachá­in i roinn a haon de Shraith Peile Allianz Dé Domhnaigh nuair a chuirfidh siad fáilte roimh thánaistí na hÉireann Maigh Eo. Seo an chéad chluiche as ceithre cinn a bheas sa bhaile acu le Ciarraí, Tír Eoghain agus Dún na nGall le teacht. Beidh ar fhir Fhearnaí taisteal go Cill Dara, Gaillimh agus Áth Cliath.

“Tá sé thar a bheith tábhachtac­h pointí a bhaint sa chéad chúpla babhta,” a deir bainisteoi­r Mhuineachá­in Malachy O’Rourke. “Beidh muid ag súil leis an dá phointe a bhailiú go háirithe le buntáiste baile ach táim cinnte gurbh é sin an mhian a bhí ag Maigh Eo anuraidh agus níor tharla sé. Ciallaíonn sé go mbeidh siad diongbháil­te ar an taoide a chasadh Dé Domhnaigh.”

Chaill Muineachán go trom in éadan Dhún na nGall i mbabhtaí cáilithe Chorn Mhic Cionnaith i mbliana. Úsáideadh an t-eispéireas chun imreoirí nua á thriail ar nós Mhichíl Bannigan as Achadh na Muileann agus James Mealiff ó Chluain Eois.

“B’in an aidhm a bhí againn nó imreoirí nua a nochtadh chun cur leis an phainéal,” a deir O’Rourke. “Níl na hacmhainní againn ó thaobh imreoirí de agus atá ag contaetha eile. Bhí orainn ár n-imreoirí mór le rá a úsáid in achan chluiche anuraidh chun an seans is fearr a thabhairt dúinn fanacht i roinn a haon agus b’fhéidir gur íoc muid as níos moille sa séasúr.

“Rud eile ná gur chríochnai­gh an tsraith i Muineachán mall anuraidh agus mar sin tá muid ag iarraidh sos a thabhairt do roinnt imreoirí ach ag an am chéanna ag iarraidh go mbeidh siad ar ais ar a seanléim in am don tsraith. Níl sé éasca gach rud a láimhseáil go cothrom.”

Tháinig deireadh le Muineachán i mbabhta ceathrú ceannais Chraobh na hÉireann in 2017 le taispeánta­s lag in éadan Átha Cliath a bhuaigh le deich gcúilín.

“Bhí muid thar a bheith díomách agus lagmhisniú­il leis an dóigh ar chríochnai­gh an cluiche sin. Ach ansin, chonaic muid an bealach gur bhuail siad Tír Eoghain agus tuigtear cé chomh hiontach is atá Áth Cliath mar fhoireann.

“Dúinne i mbliana, caithfidh muid oibriú i bhfad níos crua agus níos mó bagartha a chruthú ar fud na páirce. Arís, caithfidh cothromaío­cht a bheith san fhoireann, níos fearr ar an ionsaí ach caithfidh muid cosaint fosta. In amantaí anuraidh, rinne muid iarracht a bheith níos fearr ar an ionsaí ach fágadh muid an-oscailte sa chúl.

“Achan bhliain caithfear forbairt. Mar shampla, beidh na ciceanna amach difriúil agus caithfidh muid teacht ar straitéis dó chomh maith le hoibriú ar cheann an fhreasúra.

“Ach táim ag dúil go mór le tús na sraithe agus tá súil agam go mbeidh an dá phointe sa phóca againn tráthnóna Dé Domhnaigh.”

 ??  ?? Tús maith leath na hoibre: Malachy O’Rourke, bainisteoi­r Mhuineachá­in. PIC: INPHO/John McVitty
Tús maith leath na hoibre: Malachy O’Rourke, bainisteoi­r Mhuineachá­in. PIC: INPHO/John McVitty

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland