Irish Independent - Seachtain

MICHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH:

BEANNACHT BHRÍDE AG SRAITHEANN­A ALLIANZ

- Ó MUIRCHEART­AIGH

De réir an tseanchais bhí fadhb ag Naomh Bríde tráth dá saol. Is cosúil nach raibh dóthain talún ina seilbh chun clochar a bhunú agus a thógaint.

Ní foláir nó raibh dóchas go tréan aici mar gheall an Rí di go raibh sé sásta oiread talún a bhronnadh uirthi agus a bheadh faoina clóca leata amach ar dhromchla na talún.

Ghlac sí leis an dtairiscin­t agus tharla míorúilt le linn di an clóca a shíneadh amach ar cheann de bhánta míne Chill Dara – tháinig forbairt neamhghnác­h ar an éide agus chlúdaigh sé achar mór a réitigh fadhb Bhríde.

Nach ait anois go bhfuil a lán talún riachtanac­h thar an deireadh seachtaine seo chugainn chun freastal a dhéanamh ar líon ollmhór de chluichí Idirchonta­e.

Beidh mí Eanáir fós inár dteannta agus aon chluiche déag le scór i Sraitheann­a Allianz idir Pheil agus Iomáint ar an gclár.

Níor tharla a leithéid sin riamh cheana roimh Lá ’le Bríde agus nach bhfuilimid uilig ag súil go réiteoidh Bríd faichí den scoth oiriúnach don Ollchlár atá ar leac an dorais againn.

N’fheadar an comhtharlú é go mbeidh Páirc an Chrócaigh, an fhaiche is fearr sa tír deirtear, ar fáil do Chill Dara, contae Bhríde don gcluiche in aghaidh Átha Cliath!

Anois nach mór an spreagadh a bheadh ann don gcomórtas dá mbeadh ar chumas Naomh Bríd féin géillín beag a thabhairt do Chill Dara a chuirfeadh a mbó thar abhainn. Cá bhfios ?

Pé scéal é nach bhfuil rogha tharraingt­each ag lucht leanta na gcluichí don deireadh seachtaine mór atá romhainn. Is cinnte go dtabharfai­dh go leor aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ar an Satharn.

Beidh foireann iomána Átha Cliath ag imirt in aghaidh Uíbh Fhailí mar réamh-chluiche do pheileadói­rí Chill Dara agus na Dubanna foirfe.

Riamh ó ainmníodh Pádraig Mac Giolla Rua mar bhainisteo­ir ar an bhfoireann iomána tá léas dóchais ag forbairt in aghaidh an lae nach fada uainn an t-am go dtiocfaidh Corn Mhic Cárthaigh ar cuairt oifigiúil chucu.

Cinnte, tá leideanna ag caitheamh nodanna go rialta gur mar sin a bheidh – tá ardmheas ar Mhac Giolla Rua mar eagraí agus mar bhainisteo­ir, is léir go bhfuil an cumas ann díriú le fuinneamh ar an sprioc a bhíonn leagtha síos aige agus thar aon nídh eile tá fonn dochreidte ar imreoirí bheith páirteach san iarracht.

Ar casadh an scéilín oraibh cheana gur aiséirigh scuainí des na mairbh ag an neomat gur bhásaigh Íosa Chríost ar an gcrois agus gur thugadar cuairt ar iliomad daoine.

Nach amhlaidh a bhí ag scar de iar-iománaithe Átha Cliath ar chlos na tuairisce go raibh ‘Pat’ Mac Giolla Rua ainmnithe mar bhainisteo­ir. Fiú tá Conal Keaney ina measc, fear a chaith blianta fada ag imirt peile agus iomána le foireann an chontae go dtí gur éirigh sé as TRÍ BLIANA ó shin. Molaimis é agus a sprid.

Mar sin bogaimis linn go dtí cluiche nó dhó thar an deireadh seachtaine.

Seo chugaibh leid nó dhó gur cosúil go mbeadh taitneamh le baint astu; Páirc an Chrócaigh tráthnóna Shathairn agus na moltaí eile ag tagairt don Domhnach.

Iomáint idir Corcaigh agus Cill Choinnigh i bPáirc Uí Chaoimh; Peil i gCluain Eois (Muineachán agus Maigh Eo); Peil i bPáirc an Phiarsaigh (Gaillimh agus Tír Eoghain); Peil i gCill Airne (Ciarraí agus Dún na nGall); Iomáint i bPáirc an Chíosaigh in Inis (Tiobraid Árann agus an Clár).

Ní beag san; is dóigh liom go mbeidh iliomad cluichí fíorspéisi­úla againn i mbliana le breis imeartha agus laghdú ar an dtraenáil.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland