An bhfuil na Cait ar ais?
Cad leis a bhfuil tú ag súil ó Chill Chainnigh i mbliana? Anuraidh chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar chlár na bpointí i Sraith Iomána Allianz.
D’éirigh leo dul chomh fada leis an bhabhta ceathrú ceannais tar éis Áth Cliatha a bhualadh sa bhabhta dheireanach. Chuir Loch Garman stop lena sodar sa chluiche sin agus arís eile i bhfeachtas Laighean níos moille sa samhradh.
Cé go raibh baint acu le ceann de na cluichí is fearr sna babhtaí cáilithe, chríochnaigh siad ar an taobh mhícheart de Phort Láirge agus b’in sin. Deireadh lena samhradh agus gan deireadh mhí Iúil caite.
Idir sin agus seo, sheas an laoch Michael Fennelly siar ón fhoireann. Faoi dheireadh, ní raibh a chorp in ann cur suas leis an mhéid a bhí á éileamh aige níos mó. Tugadh cuireadh do níos mó ná caoga imreoir teacht isteach chun triail a bhaint as imirt dá gcontae thar an gheimhreadh. Imreoirí óga agus imreoirí le taithí nach bhfuair an oiread sin seans roimhe seo ach fós tá cuma éadóchasach sa chontae ag féachaint chun cinn ar an bhliain atá amach rompu.
“B’fhéidir go bhfuil easpa dóchais sa chontae ach tá sé feiceálach go bhfuil Brian Cody ag scaipeadh an líontáin amach go forleathan,” a deir Michael Rice a chaith na blianta ag imirt i ngeansaí na gCat agus a bhuaigh dhá bhonn na hÉireann faoi stiúir Cody.
“Cinnte, níl muid chomh láidir agus a bhí muid. Is buille mór é go bhfuil Michael Fennelly imithe ach ar bhealach caithfidh daoine eile seasamh suas.
Scaoileadh
“Tá imreoirí ann ar nós Richie Leahy ach is leaid óg é. Níl mé ag iarraidh go mbeidh muid ag cur an oiread sin brú air,” a deir Michael.
Ní inniu ná inné go bhfuil caint faoi uimhir a trí agus arís thug muid faoi deara go bhfuil deacrachtaí acu sa líne chúil leis an mhéid cúl a scaoileadh isteach. Sa chraobh anuraidh mar shampla, géilleadh cúig chúl in éadan Loch Garman agus Phort Láirge. Ba é Pádraig Walsh a bhí ag caitheamh gheansaí a trí an tseachtain seo caite i gcluiche ceannais Chorn an Bhreathanaigh, cluiche a chaill siad tar éis am breise ar phocanna saora.
“Tá fadhb ann ach ní amháin go gcaithfidh muid breathnú ar uimhir a trí ach na leathchúlaithe fosta. Go dtí seo, tá foirne ag fáil cúl ró-éasca. Caithfear an spás a dhúnadh síos.
“Ach tá imreoirí maithe ann ar nós TJ Reid, Richie Hogan agus Walter Walsh a bhfuil All-Stars agus Imreoirí na Bliana acu. Tá caint ann chomh maith faoi dheartháir TJ, Richie Reid atá ag imirt sna tosaithe.
“Domsa tá sé tábhachtach spiorad agus troid a fheiceáil ar ais san fhoireann. Tá sé tábhachtach dúinn trí chluiche as cúig a bhaint sa tsraith ach beidh i bhfad níos mó eolais againn ar cá seasann Cill Chainnigh i mbliana tar éis a dtaispeántais in éadan Chorcaí Dé Domhnaigh.”