Irish Independent - Seachtain

Úsáid Laethúil na Meán Sóisialta/Cumarsáide

-

Bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus féachaigí ar na fíricí seo thíos. Ansin pléigí na ceisteanna. Tá na fíricí bunaithe ar shuirbhé a rinneadh sna Stáit Aontaithe faoin tionchar atá ag na gréasáin shóisialta ar chaidreamh i saol déagóirí.

Baineann 80% de dhéagóirí (idir 13 bliana – 17 mbliana) úsáid as suíomhanna na meán sóisialta. Deir 34% de chailíní agus 16% de bhuachaill­í go dtagann siad trasna ar iompar gáirsiúil, iompar nach maith leo, ar líne. Admhaíonn 46% de dhéagóirí go bhfuil tionchar ag nósanna na suíomhanna sóisialta ar aon chaidreamh grá a bhíonn acu, is é sin go mbíonn daoine ag súil le nósanna áirithe i gcaidreamh toisc na nósanna a chruthaíte­ar anois ar líne. Léiríonn gach duine anois cad a dhéanann siad lena ngrá geal ar líne agus tá brú áirithe ag baint leis sin. Ní chuireann daoine ach grianghrai­f dheasa díobh féin agus eolas maith fúthu féin in airde ar na suíomhanna sóisialta agus cuireann sé sin brú ar dhaoine a bheith inchurtha le daoine eile. An gcreideann sibh go mbaineann 80% de dhéagóirí in Éirinn úsáid as na meáin shóisialta? Ar chuir aon duine teachtaire­acht gháirsiúil chugat riamh? Cad a rinne tú faoi? Cén fáth a mbíonn níos mó fadhbanna ag cailíní ná ag buachaillí le mí-iompar ar líne, dar libh? An gceapann sibh go nochtann déagóirí an iomarca eolais phearsanta faoi ghrá agus faoi chaidreamh ar na suíomhanna sóisialta? Mínígí. An gceapann sibh go mbíonn níos mó brú ar dhéagóirí anois a bheith dathúil, tanaí nó cibé rud é ná mar a bhí fadó toisc na meáin shóisialta? Cén fáth?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland