Irish Independent - Seachtain

Tasc Scríofa

-

Seo cúpla sampla de na haistí ar an ábhar seo ó na scrúduithe agus na Páipéir Shamplacha:

2016 - Fadhb mhór idirnáisiú­nta sa lá atá inniu ann.

2015 - Scéalta móra an lae inniu.

2014 – Daoine cáiliúla sa lá atá inniu ann. / Cearta daonna in Éirinn sa lá atá inniu ann (príobháide­achas?) / Na rudaí atá tábhachtac­h i mo shaol.

2013 - Rudaí sa saol a théann i bhfeidhm orm.

• Tábhacht na dea-nuachta. (Aiste)

• TG4 - súil eile ar an saol trí Ghaeilge. (Aiste)

•‘Is iad na meáin chumarsáid­e a rialaíonn an tír seo sa lá atá inniu ann.’ (Díospóirea­cht)

Déan iarracht aiste a scríobh, dar teideal:

‘Tá an iomarca cumhachta ag na meáin sa lá atá inniu ann.’

Is féidir leat aontú nó easaontú leis an teideal, ach bí cinnte go gcuireann tú do thuairim in iúl go láidir. Déan iarracht plean a dhéanamh i dtosach. Seo cúpla nath cainte chun cabhrú leat.

Oscailt na haiste:

I dtosach báire... sa lá atá inniu ann... caithfidh mé a rá... is cnámh spairne é (cúis an achrainn)... le fada... le tamall... le déanaí. Ceann d’fhadhbanna casta na linne seo is ea an scéal seo faoi ... níl aon amhras ach gur fíor an seanfhocal... tá an cheist seo go mór i mbéal an phobail... Aontaím/Easaontaím go láidir leis an gcoincheap/smaoineamh/ráiteas seo...

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland