Irish Independent - Seachtain

Saoirse Cainte

-

Is féidir teacht ar cheachtann­a eile mar seo ar www.ceacht.ie. http://ceacht.ie/content/bhlag%C3%A1il Maraíodh Sattar Beheshti (cúig bliana is tríocha d’aois) de bhrí gur nochtaigh sé a thuairimí diúltacha in éadan an rialtais ar a bhlag. Pléigh na ceisteanna seo le chéile: 1. Cad as do Sattar, dar leat? 2. Cé a mharaigh é, dar leat? 3. Cén fáth ar maraíodh é, dar leat? 4. Déan liosta de na tíortha a mbeadh fadhbanna cearta daonna iontu, dar leat. ’S éard atá i gceist ná na tíortha sin nach bhfuil saoirse cainte ag a saoránaigh. Rugadh ar Sattar Beheshti ina theach i Mí na Samhna, 2012 agus cuireadh chun báis é nuair a bhí sé faoi choimeád ag póilíní na tíre. Tá rialtas na hIaráine ag iarraidh stop a chur le heasaontai­gh ó toghadh Mahmoud Ahmadineja­d ina uachtarán arís den dara huair in 2009. Maítear nach toghchán cóir a bhí ann agus tá a lán léirsithe ar siúl ó shin ag cur i leith (accusing) an rialtais go raibh camastaíl bhallóide i gceist. Fear é Sattar nach raibh aon chúlra coiriúil aige, fear deisbhéala­ch agus cliste ba ea é, a bhain úsáid as an idirlíon chun a bheith ag troid ar son cearta daonna agus ar son shaoirse shibhialta an duine. Is le fada an lá anois a bhfuil cos ar bolg ag an Iaráin ar a cosmhuinti­r agus go bhfuil an rialtas ag dúnmharú a saoránach as a dtuairimí a léiriú ar líne.

Plé 1. An bhfuil muintir na hÉireann saor le haon ní gur mian leo a scríobh ar an idirlíon? 2. An bhfuil a leithéid de rud ann is cinsireach­t in Éirinn? Tabhair samplaí. 3. An bhfuil saoirse iomlán shibhialta ag cách in Éirinn (ó thuaidh agus ó dheas)? 4. An féidir leat sampla a thabhairt ó stair na tíre de thréimhse nach raibh saoirse ag gach duine sa tír?

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland