Irish Independent - Seachtain

Ceist na Gramadaí

-

An Chopail

An bhfuil a fhios agat cathain is ceart ‘Is’ agus ‘Tá’ a úsáid? Breathnaig­h ar na treoracha anseo. Tá nótaí agus ceachtanna eile ar fáil ar an gCopail ar www.ceacht.ie.

Seo treoir mhaith ghinearált­a: De ghnáth, úsáidtear foirm den chopail ‘Is’ chun cur síos a dhéanamh ar rud atá buan, rud nach n-athraíonn ó lá go lá. Úsáidtear an briathar ‘Bí’ chun cur síos ar dhéanamh ar rud sealadach, rud a athraíonn nó rud nach mbíonn mar an gcéanna i gcónaí. Is é ‘s ea an botún is coitianta a dhéanann scoláirí sa Bhéaltriai­l agus nuair a théann siad chuig an nGaeltacht. Ní chiallaíon­n ‘s ea ‘yes / no’, ciallaíonn sé ‘is / isn’t’. Má leanann briathar an mhír cheisteach ‘an/ar/nach/nár?’, bain úsáid as an mbriathar ceanna sa fhreagra. m.sh. An dtéann tú...? Téann/Ní théann. *Níl sé ceart an forainm ‘mé’ a chur leis an bhfreagra thuas. Sa Bhéarla, is gá ‘I am’ leis an bhforainm a rá, ach níor cheart é sin a dhéanamh sa Ghaeilge. An dtéann tú amach? Téann An dtéann tú amach? Téann mé amach. An dtéann tú amach? Téim. Bíonn an Chopail ‘Is’ i gceist MURA leanann briathar na míreanna ceisteacha ‘an/ar/nach/nár?’. Ní úsáideann tú na focail Is ea/’s ea nó Ní hea ACH AMHÁIN má leanann ainmfhocal na míreanna ceisteacha ‘an/ar/nach/nár?’.

Is + ainmfhocal

An múinteoir í Máire? ’S ea / Ní hea Má leanann aidiacht na míreanna ceisteacha ‘an/ar/nach/nár?’, bain úsáid as an aidiacht (agus an chopail) sa fhreagra.

Is + aidiacht

An maith an cailín í? Is maith / Ní maith Má leanann forainm na míreanna ceisteacha ‘an/ar/nach/nár?’, bain úsáid as an bhforainm (agus an chopail) sa fhreagra.

Is + forainm

An í Máire an múinteoir? Isí/Níhí Má leanann forainm réamhfhocl­ach na míreanna ceisteacha, bain úsáid as an bhforainm réamhfhocl­ach (agus an chopail) sa fhreagra.

Is + forainm réamhfhocl­ach

An leatsa an leabhar seo? Is liom / Ní liom Nach bhfuil sé sin simplí? Déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt le do pháirtí sa rang.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland