Caithfimid caint faoin idirlíon, ár leanaí agus a sábháilteacht
Ní mór na rudaí ar an saol seo a scanraíonn mé ach nuair a thagann sé go dtí leanaí agus a gcuid sábháilteachta ní dóigh liom go bhfuil aon duine gan bhuairt!
Bhíos i gcónaí mar seo ach ó tháinig Mícheál is féidir liom a rá libh go bhfuil sé sin méadaithe milliún uair!
Sé an fhadhb na laethanta seo ná go bhfuil an bhuairt seo ar an idirlíon agus ní gá ach féachaint ar na scéalta nuachta le déanaí agus leis sin nílimid ach ag fáil blaiseadh ana-bheag do cad atá ag tarlú. Chun an fhírinne a rá ní féidir liom féachaint ar na scéalta seo níos mó, cuireann siad isteach orm chomh mór sin.
Níl aon dabht ach go bhfuil na suíomhanna meán sóisialta seo ar fheabhas ach sé an scéal céanna i gcónaí é, le rud maith bíonn taobh eile ann. Tá an taobh eile dó seo ana-dhorcha! Agus sin é an fhadhb. Ní thuigeann daoine óga ná fásta an dainséar atá ann.
Mar thuismitheoir níl sé maith a dhóthain níos mó ná dtuigimid an teicneolaíocht nó a rá gur sin mar a mhaireann daoine óga an lae inniu. Caithfimid a bheith trí chéim chun cinn orthu, fé mar a bhí ár dtuismitheoirí fhéin nuair a bhíomar óg.
Sea ní raibh an t-idirlíon ann ach bhí bacainní eile le léimt acu. Bhíodar sin chomh maith ag teacht suas i gcoinne rudaí nua an t-am ar fad agus sin mar atá an saol.
Nuair a bheidh ógánaigh an lae inniu ina dtuismitheoirí beidh rud éigin eile ann agus beidh orthu sin dul i gcionn leis sin!
Tá caint ann le cúpla lá anuas go bhfuil Coimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach ar an tslí agus dar liom tá sé sin ar cheann dos na gnéithe is tábhachtaí a chualas ón Rialtas le fada.
Chun an fhírinne a rá ba cheart go mbeadh ceann ann le cúpla bliain, ach bheinn sásta dá dtiocfadh ceann go luath! Má chaithfimid mar thuismitheoirí a bheith céim nó dhó chun tosaigh caithfidh na daoine atá i gcumhacht a bheith i bhfad chun cinn ar gach éinne, ach tá’s againn ná mbíonn sé mar sin!
Ach ní ar an rialtas amháin go bhfuil an dualgas seo, ná scoileanna amháin ná tuismitheoirí fiú, ach orainn ar fad le chéile agus má thagann gach éinne le chéile air seo beidh sé i gceart, ach tá’s againn ar fad an deacracht le gach éinne a chur ag tarraingt le chéile!
Pé scéal é is céim mhór chun cinn agus céim dhearfach í agus ceart é sin a bhéiceadh amach os ard!