Irish Independent - Seachtain

Tús láidir ag teastáil ó ‘les Verts’ sna Sé Náisiún

- Le Gráinne McElwain

Séasúr úr agus craoltóir úr do chomórtas rugbaí na Sé Náisiún i mbliana.

Craolfar na cluichí uilig ar TV3 den chead uair, ag toiseacht ag an deireadh seachtaine, agus gan dabht, is é an cluiche idir an Fhrainc agus Éire is mó spéis ar an taobh seo den domhan tráthnóna Dé Sathairn.

Caithfidh Éire taisteal go Páras agus fios ag an dá thaobh cibé foireann a chaillfidh go dtiocfaidh deireadh lena rás chun an comórtas ina iomláine a bhuachaint.

Is mór an mhistéir iad an Fhrainc le blianta beaga anuas. Foireann a mbíodh de nós acu an chraobh a lasadh ach le roinnt blianta anuas, tá an chuma orthu go bhfuil siad ag imirt go hiomlán gan stiúir.

Ní bheidh Morgan Parra, a fuair glaoch ar ais ar an fhoireann tar éis a bheith ar deoraíocht ar feadh dhá bhliain, ag imirt mar gheall ar ghortú. Sin an fhadhb chéanna atá ag an lánchúlaí Brice Dulin ó Racing 92. Neosfaidh an aimsir cén sórt taispeánta­is a fheicfimid ón Fhrainc.

Ag an am seo anuraidh, bhí Cúige Laighean agus Cúige Mumhan tar éis cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh na hEorpa agus achan duine thar a bheith dóchasach faoin chluiche i gcoinne na hAlban. Ach thit an tóin as ansin agus beidh Joe Schmidt agus a fhoireann an

airdeallac­h faoi choimhlint na Fraince.

CRAIC

Chaith Eddie Jones gránáid láimhe isteach sa chomrá ag an seoladh ag maíomh go bhfuil sé féin sásta nach mbeidh a fhoireann, Sasana, ag casadh leis an Fhrainc sa chéad chluiche faoi Jacque Brunel.

Ach is breá leis an dubh a chur ina bhán agus beidh píosa craice againn dá bharr.

Allez les Verts! DÉ SATHAIRN AN FHRAINC V NA HÉIREANN, STADE DE FRANCE @ 4.45IN BEO AR TV3

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland