Freagra ‘á chomhardú’ ar fhilleadh táillí uisce in 2019
Pleananna ag an Rialtas chun íocaíochtaí ar úsáid farasbairr a thabhairt isteach
Tá grúpaí ar an eite chlé le bualadh le chéile chun freagra a chomhardú ar phleananna chun roinnt táillí uisce a thabhairt ar ais an bhliain seo chugainn.
Cuireadh na táillí ar fad ar fionraí le haghaidh 2018, ach teastaíonn ón Rialtas íocaíochtaí ar úsáid farasbairr a thabhairt isteach in 2019.
Agus d’fhéadfadh an sainmhíniú a thugann an tAire Eoghan Murphy ar “úsáid farasbairr” an bonn a bhaint dá pháirtí i gcumhacht.
Chomhaontaigh Fine Gael agus Fianna Fáil Plean Táillí Uisce anuraidh a chuir deireadh le billí d’úinéirí tí ar fud na tíre.
Íocadh na milliúin euro freisin leo siúd a d’íoc na billí, agus eisíodh na seiceanna deiridh an tseachtain seo.
Ach foráiltear sa Phlean comhaontaithe do tháillí uisce a thabhairt ar ais arís in 2019 má úsáidtear an iomarca uisce agus is é an tAire Murphy a dhéanfaidh an cinneadh deiridh faoi sin, a deir Uisce Éireann.
POLASAÍ
Deir an comhlacht go gcuirfear pé beartas a chomhaontaíonn an Rialtas i bhfeidhm, agus mhaígh urlabhraí go mbreathnaíonn siad ar tháillí ar úsáid farasbairr mar “pholasaí a chuirfidh ar ár gcumas, go príomha, cabhrú le custaiméirí uisce a chaomhnú agus sceitheadh uisce a dheisiú”.
Ach cuireann grúpaí ar an eite chlé in aghaidh gach cineáil táillí uisce agus creideann siad gur cúis catha nua leis an gcomhrialtas iad na táillí farasbairr.
Bhí suíomhanna meán sóisialta a úsáideann na grúpaí ag éirí an-ghníomhach le cúpla lá anuas.
D’eisigh grúpa amháin i gContae Dhún na nGall litir eiseamláireach faoin gcaoi le conarthaí le hUisce Éireann a chur ar ceal dóibh siúd a d’íoc a mbille roimhe seo.
Fiú mhol roinnt grúpaí atá i bhfad amach ar an eite chlé gur cheart agóid in aghaidh na
dtáillí uisce a eagrú nuair atá an Pápa ar cuairt anseo i mí Lúnasa chun “a mhéad poiblíochta is féidir” a bhaint amach. Tá grúpaí eile le bualadh le chéile níos deireanaí an mhí seo chun mórshiúl go Dáil Éireann a phlé.
Tá imní i measc Theachtaí Dála an Rialtais go bhféadfadh “ceist an uisce” a bheith ar ais le plé ar leac an dorais roimh an gcéad olltoghchán eile.
Dúirt Seamus McDonagh ó ghrúpa feachtais i gCeanannas, Contae na Mí: “Is bréag a rá go bhfuil baint ar bith ag na táillí barraíochta uisce sin le himní faoin gcomhshaol.
“Tá an argóint faoin gcomhshaol á húsáid arís eile – go míthreorach – chun cáin eile a bhrú ar oibrithe.
“Táimid réidh agus toilteanach tosú ag troid in aghaidh na dtáillí uisce arís. Chaill an Rialtas an cath seo go dona an uair dheireanach. Cuirfear ina gcoinne arís mar a tharla roimhe seo má leanann siad ar aghaidh leis na táillí barraíochta uisce, agus bheidís seafóideach a n-am a chur amú ag iarraidh beartas nár éirigh leis a chur ar bun arís.”
Bhí Pádraig Ó Céidigh ina chathaoirleach ar choiste speisialta Oireachtais ar tháillí uisce ina raibh comhaltaí ó na páirtithe go léir.
Nocht sé níos deireanaí nár tháinig ach ceathrar comhaltaí ón gcoiste ina raibh 20 comhalta go cruinniú a d’eagraigh sé le feidhmeannaigh Uisce Éireann.