Irish Independent - Seachtain

DÁITHÍ Ó SÉ: CÉARD A CHEAPANN TÚ FAOI LÁ AN GHRÁ?

-

Tá lá an ghrá tagtha! Do dhaoine áirithe is dea-scéal é, is cuma le ana-chuid sa lár agus tá grúpa daoine ann a bheidh sásta nuair a bheidh sé imithe.

Bhíos sa trí rannóg ag amantaí áirithe dom shaol agus is dócha gur fíor go bhfuilim sa rannóg ‘is cuma liom ach is maith liom é’ na laethanta seo. Sin cad a tharlaíonn tar éis cúpla bliain pósta agus ní rud olc é, ach tagann an saol, leanaí agus na mílte rud eile sa tslí.

Nuair atá’s agat go dtarlaíonn sé do gach éinne eile ní chuireann sé isteach orainn ina dhiaidh sin, go dtí go ndeineann duine amháin iarraidh mór bliain éigin agus ansin casann do bhean chugat leis na súile sin ‘bheadh rud éigin mar sin deas uair éigin!’. A leaideanna fan leis an bplean agus beidh gach rud go maith.

Dóibh siúd atá ag tosnú amach le duine is fearr é. Cuirtear ana-chuid ama agus airgid uaireanta isteach sa chéad Lá Fhéile Vailintín a bhíonn agat le duine, mar ná beidh éinne eile ag teacht ina diaidh.

Dheineamar ar fad an botún sin! An méid sin ráite is am iontach sceitimíne­ach é i slí mhaith gan dabht agus is cuimhin linn ar fad an chéad uair dul isteach go dtí an bláthadóir chun dorn rósanna a fháil.

Ní raibh an rómánsaíoc­ht i bhfad ag dul an doras amach nuair a chnocamar an praghas a tháinig leo. Ní raibh aon idirlíon an uair sin agus chaithfeá gach aon rud a dhéanamh tú fhéin, iad a thabhairt chuici chomh maith.

Bhraithfeá id’ stail amadáin ceart siúl trí Bhaile an Daingin agus na bláthanna seo á n-iompar agat agus ba bheag luach saothair a bhí le fáil as seachas póigíní b’fhéidir! Má bhí seans linn!

Do dhaoine atá cúthaileac­h is leithscéal maith é tús a chur le rud ná beadh sé de mhisneach acu é a dhéanamh am éigin eile sa bhliain. Bhí slí ann an teachtaire­acht a chur amach agus má bhraith an duine eile mar an gcéanna bhí agat, ach ar an dtaobh eile muna raibh ní raibh aon damáiste déanta.

Is lá cruaidh é dóibh siúd atá scartha ó dhuine nó imithe ó dhuine ar chúis éigin agus tuigeann muid ar fad é sin. Níl ann ach 24 uair an chloig!

Deirim i gcónaí nach gá dul amach agus na rudaí ar fad a cheannach. Siad na rudaí beaga is tábhachtaí, sin na rudaí a sheasann amach chomh maith agus ní gá fanacht go dtí an t-am seo bliana chun é a thaispeáin­t!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland