Irish Independent - Seachtain

Oíche iontach ag cur an ‘gang’ le chéile arís

- Cairde: Dáithí agus Anna Daly

Deich mbliana ó shin bhíodh oíche iontach gradam ann do dhaoine a bhí ag obair sa teilifís, na TV Now Awards. Chun an fhírinne a rá bhínn ag súil go mór leis an oíche gach bliain.

Ní raibh na meáin shóisialta timpeall an uair sin (buíochas ls Dia) agus bhí cead ár gcos againn dul amach agus sult a bhaint as an oíche agus ní bheadh aon fhianaise ann ach an oiread.

D’aon ógánach atá á léamh seo is rud maith é sin! Bhíodh sórt gang againn le chéile an uair sin agus tháinig cuid don ngang sin amach an deireadh seachtaine a chuaigh thart!

Bhí oíche gradam ar siúl ar an Aoine, ní rabhas ag ócáid mar seo le tamall fada agus bhí sceitimíní ag teacht orm agus mé ar mo shlí go Baile Átha Cliath.

I gcomhair oícheanta mar seo caithfear plean a chur le chéile agus thosnaigh an plean sin le bréag a insint do bhean an tí.

“Beidh an trácht go hainnis san ardchathai­r tráthnóna Dé hAoine,” arsa mise léi agus fios maith agam go mbeadh an trácht seo ar fad ag teacht im choinne! “Cheart duit fágaint luath mar sin,” a dúirt sí. Dheineas an beart, bhíos i dtábhairne an Boar ar Shráid Chéipil ag a 5 a chlog. Mar sin bhí dhá uair an chloig go leith agam sleamhnú isteach sa tráthnóna agus bhaineas ana-thaithneam­h as!

Fuaireas téacs ó Lucy Kennedy agus bhí an chóisir tosnaithe. Bhí cuid den seana-ghang ar an mbord le chéile, bhí sé go hiontach. Bhí Anna Daly ó TV3 taobh liom mar aon le Yvonne Connelly agus Rosanna Davidson agus Nicky Byrne agus a bhean Georgina.

Tugadh cuid mhaith ama ag caint ar leanaí ar an oíche agus dheineamar gáirí fé sin ach sin a tharlaíonn nuair atá tú ag an bpointe seo sa tsaol! Cé go raibh cuid den oíche mar seo is mó do chraic a bhí againn ar an mbord, bhí cuid don gcleas óg a bhí ann sórt dáiríre fén rud ar fad, bhíomar ar fad ag rá ná mbímis mar sin ag an aois sin nó an rabhamar agus nár theastaigh uainn é a admháil?!

Bhíos ainmnithe do ghradam ar an oíche ach nuair a chnoc Nicky Byrne ag teacht isteach bhí fhios agam cé bheadh ag dul abhaile leis an nduais!

Ní rabhas ag súil le ceann a fháil i ndáiríre mar ná dheineas aon chanbhasái­l agus de réir dealraimh caithfear é sin a dhéanamh na laethanta seo!

Gan aon bhréag is inniu atáim ag teacht chugam fhéin, níl aon dabht ann go raibh na hógánaigh thuasluait­e amuigh oíche Dé Sathairn nuair a bhíosa ag iarraidh pionta a ól ag lorg leighis!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland