Irish Independent - Seachtain

SÚIL AR SPÓRT NA mBAN

- DÁITHÍ ÓSÉ

Mar chuid den chomóradh ar Lá Idirnáisiú­nta na mBan, reáchtáil Liberty Insurance ‘Women in Sport, The Next Chapter’ i bPáirc an Chrócaigh, áit a raibh saineolait­he ó shaol an spóirt, na meán agus an ghnó ag cur agus ag cúiteamh faoi chuid de na príomhdhús­hláin atá os comhair spóirt na mban agus lúthchleas­aithe mná.

Sa phictiúr (c-d) tá cainteoirí an phainéil, an t-iar-imreoir rugbaí le hÉirinn agus an réiteoir rugbaí idirnáisiú­nta faoi láthair Joy Neville, réalta chamógaíoc­hta All-Star Loch Garman Mags D’Arcy, iarimreoir rugbaí le hÉirinn Fiona Coghlan agus an scríbhneoi­r spóirt Anna Kessel.

Ar dtús bhí caint mhór ar ‘Ainmhí an Oirthir’ ag teacht lena fhórsa fuar agus fealltach. Níl aon dabht ach go raibh buairt ar chuid mhaith againn, níl puinn taithí againn ar a leithéid agus an t-aon uair a fheiceann muid seo in Éirinn ná ar ‘Reeling in the Years’ in 1982.

Níl aon dabht ann ach go mbeidh stoirm 2018 ar an gclár céanna i lár na mílaoise seo.

Bhí an t-ainmhí seo ar thaobh amháin agus ón ndeisceart tháinig Emma álainn, ní raibh faic álainn fúithi seo.

Í lán le gaoth agus ragairne agus ar nós aon bhean mhaith bhí sé ar a cumas an speiceas eile a thiomáint as a mheabhair agus sin an chúis go rabhamar mar a bhíomar le seachtain anuas!

Bhí cláracha againn fhéin bunoscionn leis an aimsir mar a bhíonn i gcónaí nuair a tharlaíonn a leithéid.

Is breá liom seo, nuair nach mbíonn a fhios agat cad atá le teacht agus ar deireadh bíonn gach aon ní go maith.

Toisc go raibh an aimsir chomh holc agus go raibh seónna le déanamh, bhí orainn ar fad fanacht i gCorcaigh. Craic mhaith arsa tusa? Ach nuair a bhíonn gach áit dúnta bíonn sé leadránach go maith!

Chuamar ar fad chun dinnéir tráthnóna Déardaoin, timpeall ar a 10 a chlog bheartaíos dul a chodladh agus bhí go breá!

Timpeall ar 2.30 bhí pian mhillteach­t agam im bholg agus chun scéal fada a dhéanamh gearr chaitheas rith! Nimhiú bídh! Don gcéad uair riamh im shaol. Níor bhraitheas aon rud ar nós é cheana!

Ó Mhuire Mháthair ag a 11 an mhaidin sin bhí sé fós ag teacht. Is minic é cloiste agam fé nimhiú bídh agus gach a théann leis agus nuair a thagann sé go dtí do dhoras fhéin, seas siar!

Don gcéad uair chomh maith chailleas an seó toisc go rabhas breoite! Codladh agus roinnt drugaí agus dheineas iarracht a bheith go maith do chlár beo eile a bhí againn maidin Dé Sathairn.

Dheineas an beart air sin agus má táim fírinneach libh bhí cúpla nóiméad ‘lag’ agam, ach ní dóigh liom gur tugadh fé ndeara é.

Bhí aincheist os mo chomhair ansin de bharr na haimsire, fanacht oíche amháin eile nó triail dul abhaile.

Thugas fé agus bhí na bóithre go maith, bhíos amhrasach fén míle deireanach, ach bhí tarracóir ullamh ag cara liom agus fé mar a tharla sé ní raibh sé ag teastáil!

Sin mí Márta agaibh go dtí seo, n’fheadar an bhfuil aon rud eile aige dúinn?

Emily Glen agus Elaine Buckley a bhunaigh an podchraola­dh FAIR GAME,legutha thabhairt do spóirt na mban, agus tá siad an-ghníomhach ar Twitter chomh maith.

Cé go bhfuil Elaine den tuairim go bhfuil rudaí ag feabhsú, tá sé deacair againn fós dul agus tacú leis na mná.

“Creidim go mbeidh tomhas againn i mbliana ar cén staid ina bhfuil spórt na mban,” a deir Elaine.

“Bhí cúrsaí ban á bplé go mór anuraidh, ach faraor, ní mar gheall ar an imirt go minic.”

Bhí ar an bhfoireann sacair troid go poiblí in iarracht cultacha reatha agus rudaí eile a bhí ag dul dóibh a fháil.

Cé gur in Éirinn a bhí Corn an Domhain, ní bhfuair an fhoireann rugbaí an tacaíocht a bhí dlite acu ón IRFU.

Tá foirne idirchonta­e camógaíoch­ta agus peile fós ag déanamh gan áiseanna cuí.

Faoi Nollaig, cuireadh deireadh leis an suíomh gréasáin sportswome­n.ie.

“Chuir sé an-díomá orm deireadh a chur leis,” a deir Sharon Hutchinson.

“Bhí mé ina bhun ar feadh trí bliana, ach bhí mé tuirseach aige agus bhí a fhios agam go dtosódh caighdeáin ag sleamhnú. Roghnaigh mé críoch a chur le rudaí sula dtarlódh sé sin.”

Bhíodh Sharon ag cur ábhar ar líne faoi mhná do gach duine go rialta, ach bhí sé deacair uirthi teacht ar thacaíocht chun é a choinneáil ag imeacht.

Mar sin, an féidir a rá go bhfuil muid ag déanamh an dul chun cinn mór a cheaptar atá á dhéanamh? Tá fadhb fós ann le go leor de na heagraíoch­taí spóirt, agus tá Elaine den tuairim go bhfeicfidh muid tuilleadh de seo i mbliana.

“Níl aon fhaitíos anois ar lúthchleas­aithe labhairt amach má tá éagóir á déanamh orthu.

“Féach ar an méid atá déanta ag an WGPA atá ina ndea-shampla dúinn ar fad.”

Cnámh spairne eile ná na caighdeáin anailíse ar spórt na mban. Ró-mhinic, ní thugtar aon chomhthéac­s don lucht féachana.

Aontaíonn Elaine leis seo: “Chuir an easpa sonraí agus an tuairisciú a rinneadh ar an lá a bhuail Maigh Eo Corcaigh sa chluiche leathchean­nais peile anuraidh as go mór dom. Seo dhá fhoireann a bhfuil nimh eatarthu le beagnach fiche bliain. “Níl sé seo sách maith.” Tuilleadh tuairisciú cuimsithea­ch an leigheas air seo. Tá sé in am freisin stop a chur

‘Tá tacaíocht ar líne do spóirt na mban – ach caithfidh sin bogadh go dtí na himeachtaí’ Labhraíonn Máire Treasa Ní Cheallaigh leis an mbeirt a bhunaigh ‘FAIR GAME’, podchraola­dh spóirt na mban

leis an gcomparáid a dhéantar idir fir agus mná. Botún eile, a deir Elaine.

“Bunaíodh an CLG in 1884, in 1974 a tháinig peil na mban. Thosaigh an IRFU in 1879, 1993 a d’imir na mná den chéad uair. 1921 a tháinig an FAI ar an bhfód, 1973 a bunaíodh foireann na mban.

“Mar sin, cén chaoi a bhféadfadh aon duine comparáid a dhéanamh eatarthu agus tús ollmhór ag na fir ar na mná? Ní luíonn sé ar chor ar bith le héiteas spóirt.”

Cinnte, d’fhreastail os cionn 46,000 duine ar chluiche ceannais peile na mban anuraidh. Ach céard faoi na cluichí eile? Tá siad á n-imirt i bpáirceann­a folmha.

Labhraíonn Elaine agus Sharon beirt faoin dóchas atá acu go bhfuil difríocht de chineál déanta acu do spóirt na mban.

Obair in aisce a bheidh ann, agus tuilleadh mar iad, mura bhfuil muid ar fad sásta na stocaí a tharraingt aníos.

Mar a deir Elaine, “Bhí go leor tacaíocht ar líne do mhná anuraidh, ach caithfidh sé sin bogadh anois go dtí na himeachtaí má tá an cultúr chun athrú.” n Tá FAIR GAME ar fáil ar iTunes, Stitcher, Spotify agus ar an ngréasán HeadStuff. Tuilleadh eolais ar Twitter @ FairGameCa­st

 ?? PIC: NIALL CARSON/PA WIRE ?? Ainmhí an Oirthir: Ní raibh spraoi ag gach duine!
PIC: NIALL CARSON/PA WIRE Ainmhí an Oirthir: Ní raibh spraoi ag gach duine!
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ?? Guth nua: Elaine Buckley agus Emily Glen sa stiúideo leis an réalta rugbaí Sophie Spence
Guth nua: Elaine Buckley agus Emily Glen sa stiúideo leis an réalta rugbaí Sophie Spence

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland