CAITLÍN NIC AOIDH: CÉN CHAOI A DTOSAÍTEAR MAR LÁITHREOIR AIMSIRE?
Bhí an saol is a mháthair ag amharc ar ár láithreoirí aimsire le seachtain anuas – ach cén chaoi a dtosaítear sa phost seo, agus céard a tharlaíonn ar chúl an cheamara? Labhair Concubhar Ó Liatháin le Caitlín Nic Aoidh ó TG4
Uair amháin agus í beo ar an dteilifís, i mbun tuairisc aimsire TG4, baineadh geit as an lucht féachana nuair a chonaic siad splanc tintrí ag bualadh Chaitlín Nic Aoidh agus go tobann bhí sí imithe agus ‘test card’ TG4 ar an scáileán. Ach ní raibh aon ghá bheith buartha – nó ba ‘ghiota craice’ a bhí ann le haghaidh Oíche Shamhna agus cleasaíocht cheamara ar bun ag criú TG4 chun stangadh a bhaint as an lucht féachana. Agus d’éirigh leo san a dhéanamh an oiread san go ndeachaigh an físeán úd ar fuaid an domhain.
Eachtra i measc go leor eachtraí é seo ag an iarmhúinteoir Gaeilge agus ceoil ó Chloch Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill. Chaith sí seal ag múineadh na n-ábhar sin i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ach ceithre bliana ó shin chuaigh sí san iomaíocht nuair a d’fhógair TG4 comórtas poiblí le haghaidh láithreoirí chun An Aimsir Láithreach a chur i láthair don chraoltóir.
“Bhí TG4 sa tóir ar dhaoine chun cúrsaí aimsire agus leanúnachas a dhéanamh,” arsa Caitlín agus í ag labhairt le Seachtain.
“Chaith mé m’ainm sa hata. Bhí triail scáileáin agam agus bhí an t-ádh go barr bata orm an post a fháil.”
Tá cáil ar TG4 as faobhar nuálach an stáisiúin agus an dúil a bhíonn ag an gcraoltóir rudaí nua a thriail agus mar sin chuir siad fáilte roimh smaoineamh a chuir Caitlín í féin chun tosaigh.
“An chéad bhliain nuair a thosaigh mé, d’iarr mé an mbeadh cead agam gléasadh suas d’Oíche Shamhna agus is as sin a cruthaíodh an nós. Tá rud éigin éagsúil déanta gach Oíche Shamhna le trí bliana anuas.
“Ní bhíonn ann ach giota craice agus is bealach nuálach agus siamsúil é an Ghaeilge a chur chun cinn.”
Mheall Caitlín aird nuair a ghléas sí mar chailleach an chéad bhliain agus anois bíonn súile in airde ag daoine di ar Oíche Shamhna agus iad ag tuar cén cleas a bheidh ag an bhfaisnéiseoir aimsire an bhliain sin.
Is minic í i mbéal an phobail anois de bharr an bhéim leanúnach a bhíonn ar láithreoirí aimsire TG4 toisc iad a bheith os comhair an cheamara chomh minic sin.
Le déanaí bhí Caitlín agus a comhghleacaithe ar an meitheal aimsire, Irial Ó Ceallaigh ó Ghaeltacht na nDéise agus Fionnuala Ní Fhlatharta ó Chonamara, mar aíonna agan bhfear grinn Tommy Tiernan ar a sheó teilifíse agus mheall físeáin ón gclár sin go leor tráchtaireachta ar na meáin shóisialta.
Ach ní raibh Caitlín os comhair ceamara nuair a bhí ‘an Torathar ón Oirthear/an Sioc Ar Buile’ agus Stoirm Emma linn, nó bhí sí ar laethanta saoire sciála thar lear tráth go raibh an aimsir sciála is fearr ar domhan in Éirinn.
“Thit go leor sneachta ar na mallaibh ach bhí mé féin ar laethanta saoire ag sciáil agus ní raibh mé ábalta m’eitilt a fháil ar ais agus bhí orm fanacht dhá lá breise.
“Ní raibh mé thart chun oiread agus réamhaisnéis aimsire amháin a dhéanamh le linn na stoirme.”
Bhí Caitlín ar dualgas, áfach, le linn tréimhsí eile drochaimsire, tréimhsí atá ag teacht chun tosaigh go tiubh te agus éifeachtaí an téimh dhomhanda á nochtadh.
“Bhí Hairicín Ophelia go dona agus seans
gurb in an aimsir is measa a bhí orm a thuar go fóill.”
Murab ionann agus RTÉ, níl TG4 nasctha le Met Éireann, seirbhís aimsire na hÉireann. An comhlacht Sasanach Metraweather a sheolann an fhaisnéis aimsire chuig TG4.
“Cuireann Metraweather na scripteanna aimsire ar fáil dúinn.
“Seolann siad an script chugainn agus bíonn glaoch teileafóin againn leo gach lá. Is as an Nua-Shéalainn a thagann na grafaicí aimsire.”
Faoi láthair tá cúramaí eile ar Chaitlín anuas ar a dualgaisí mar láithreoir aimsire is leanúnachais ag TG4. Tá sí ar cheann de na hambasadóirí atá roghnaithe le haghaidh Sheachtain na Gaeilge agus í i dteannta an iománaí ó Thiobraid Árann, Noel McGrath, agus James Patrice, tionchóir ar na meáin shóisialta.
“Mar bhean Ghaeltachta tá lúcháir mhór orm a bheith i m’ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge le Energia,” a dúirt sí.
“Cuidíonn an fhéile go mór leis an Ghaeilge a chur chun cinn ó cheann ceann na tíre. I mbliana tá mé ag dúil go mór freastal ar lear mór imeachtaí, cinn sa Ghaeltacht go háirithe!”
Bhí go leor imeachtaí de chuid Sheachtain na Gaeilge, seoltaí fud fad na tíre san áireamh, a cuireadh ar athló de bharr na haimsire mar sin is cinnte go mbeidh Caitlín gnóthach agus í ar ais óna saoire ag freastal ar ócáidí éagsúla!