DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN
Tá ar an tír ar fad ómós agus gradam a bhronnadh ar pé duine ag a bhfuil an obair gan bhuíochas de shuíomhanna meán sóisialta Lidl a bhainistiú.
Ní hamháin go raibh orthu daonra fiáin gramaisce a bhí ag lorg bainne agus aráin a shuaimhniú ach ansin bhí orthu déileáil leis an radharc uafásach de ghrúpa ropairí ag scriosadh fhoirgneamh Lidl i dTamhlacht.
De ghnáth, bheadh ceann den dá eachtra seo in úsáid mar rang teagaisc i mbainistíocht géarchéime, ach nuair a tharlaíonn an péire acu
‘Mion-saoire na Nollag’ – agus na laochra a bhí ag obair dúinn go léir
taobh istigh de thréimhse ceithre huaire is fiche, bhuel, go bhfóire Dia orthu. Ní dóigh liom go raibh aon duine Éireannach chomh gnóthach (seachas na seirbhísí éigeandála ar ndóigh) is a bhí an créatúr bocht a bhfuil an fhreagracht uasal seo acu. Bhí muid ar fad ag spaisteoireacht thart sa bhaile ar mhion-laethanta saoire na Nollag fad is a bhí an saighdiúir seo sáinnithe os comhair an ríomhaire. Ansin, maidin Dé Luain, cuirtear tvuít shoineanta lán le híoróin suas ag fiafraí cén chaoi a raibh an deireadh seachtaine le haghaidh gach duine. Iontach ar fad, Lidl.