Is fearr RITH maith ná . . .
Beidh Gaeil fud fad na tíre ag cur orthu a mbróga reatha ag an deireadh seachtaine le haghaidh an eagráin is déanaí den fhéile, Rith.
An uair seo tosóidh Rith ag an gCultúrlann i mBéal Feirste Dé Domhnaigh seo chugainn agus críochnóidh sé seacht lá agus 1,500 ciliméadar níos déanaí i gCiarraí ar Lá Fhéile Pádraig.
Beidh na reathaithe ag iompar maide leo ina mbeidh teachtaireacht speisialta. Is féidir urraíocht a dhéanamh ar an togra trí chiliméadar a cheannach agus tá an t-eolas ar fad ar fáil ag www.rith.ie.