Camino na tragóide seolta
Bhí a chéad léiriú ag scannán faisnéise a chuireann síos ar thuras farraige eipiciúil a raibh críoch thragóideach leis ag an deireadh seachtaine.
Páirteach in Camino an tSáile bhí Glen Hansard, a bhuaigh Oscar dá amhrán, ‘Falling Slowly’, Breandán O Beaglaoich, ceoltóir, Danny Mac an tSíthigh, file agus saor bád, Liam Holden, ealaíontóir, agus an saor cloiche Brendan Moriarty.
Rinne siad iomramh 2,500 km i naomhóg ó Chorca Dhuibhne go Santiago de Compostela i nGailís na Spáinne. Agus iad geall leis ag an gceannscríbe, bhuail tonn an naomhóg agus cé gur éirigh leo snámh go dtí an cósta fuair Danny Mac an tSithigh bás le taom croí tar éis dó teacht i dtír.
Faoi dheireadh shroich siad an chathair ársa Santiago agus d’fhreastail siad ar aifreann san Ard-Eaglais ann. Beidh an scannán le feiceáil ag Féile Scannán an Daingin i gCiarraí i gceann coicíse. Tá ceol sa scannán le Peadar Ó Riada agus Liam Ó Maonlaí.