Irish Independent - Seachtain

Séid an balún

-

An féidir leat balún a shéideadh gan do bhéal a úsáid? Lean na treoracha seo thíos agus beidh tú in ann é a dhéanamh!

Ábhair:

Buidéal Sú líomóide nó fínéagar Sóid aráin Balún

Modh:

1. Tarraing an balún beagán chun go mbeadh sé níos fusa é a shéideadh suas. 2. Líon ceathrú den bhuidéal le sú líomóide nó fínéagar. 3. Cuir sóid aráin isteach sa bhalún. Úsáid tonnadóir más gá. 4. Cuir béal an bhalúin ar bhéal an bhuidéil. Cinntigh go bhfuil an balún greamaithe go daingean ar bhéal an bhuidéil. 5. Ansin lig don tsóid aráin titim isteach sa sú líomóide nó fínéagar.

Cad a tharla? Cén fáth gur tharla sé sin? Cén gás a rinneadh chun an balún a shéideadh?

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland