Giorrúcháin i nGaeilge
Tá anailís déanta ag ollamh in Missouri, sna Stáit Aontaithe, ar na giorrúcháin a dhéantar i nGaeilge, go háirithe ar na meáin shóisialta. Is é ‘grma’ an giorrúchán is mó a úsáidtear ar Twitter. Seo liosta de chuid de na giorriúcháin. An úsáideann tú iad?
CAT = Conas atá tú? IAD = In ainm Dé GRMA = Go raibh maith agat GRMMA = Go raibh míle maith agat TTGBÓDO = Tá tú Gaelach, bail ó Dhia ort DSA = Dorn san aer 92ELM = Ní dóigh liom OATD = Ó, a Thiarna Dia GA = Gaeilge nó Gaeilge amháin DS = Deireadh Seachtaine GOA = Gáire os ard LDT = Le do thoil BLD = Buíochas le Dia GML = Gabh mo leithscéal MB = Míle buíochas CF = Cén fáth? UMB = Uathmheaisín bainc (ATM) CGL =Ceart go leor TP = Teachtaireacht phríobháideach AGOA =Ag gáire os ard BL =Bliain MED = Mar eolas duit DAS = Dála an scéil