Irish Independent - Seachtain

An bhfuil níos mó sneachta le teacht?

-

Sneachta, sneachta, sneachta i ngach aon áit agus daoine ag rá gurb é 2018 an bhliain nua a luafar mar Bhliain an tSneachta Mhóir seachas 1947! Ach nach mbíodh níos mó sneachta againn fadó?

Tá imní ar shaineolai­the aimsire go mbeidh níos mó eachtraí againn le fíor-dhrochaims­ir amach anseo de bharr téamh domhanda agus an tionchar atá aige seo ar an aeráid sa Chiorcal Artach.

“Tá sé amhail is gur fhág tú doras an chuisneora ar oscailt is tá an fuacht ag doirteadh amach ar fud na cistine,” a dúirt Jeremy Mathis agus é tagairt don éifeacht a bheadh ag an bhfuacht seo ar theocht i leathsféar thuaidh na cruinne.

Dar leis go bhféadfadh seo lagú a dhéanamh ar chuilithe an mhoil thuaidh agus go mbeadh eachtraí againn arís mar a bhí an tseachtain seo caite, le gaoithe fuara ón tSibéir ag bualadh le scamaill lán le frasaíocht ón Atlantach ó dheas sa spéir.

Ní lia duine ná tuairim, agus tá saineolait­he eile a deir go gciallaíon­n an t-ardú teochta sin nach mbeidh an oiread sneachta againn san am atá le teacht ná mar a bhí sna blianta atá caite.

Chun go mbeadh sneachta ag titim, ní mór go mbeadh teocht gar don reophointe nó faoi agus go mbeadh go leor scamall sa spéir – agus tá an teocht ag dul in airde de réir NASA.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland